Ceirbrín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtCeirbrín
Sonraí
Laidincerebellum
Cuid demetencephalon (en) Aistrigh
superior cerebellar artery (en) Aistrigh, anterior inferior cerebellar artery (en) Aistrigh agus posterior inferior cerebellar artery (en) Aistrigh
superior cerebellar veins (en) Aistrigh agus inferior cerebellar veins (en) Aistrigh
Aitheantóirí
MeSHD002531
TAA14.1.07.001
FMA67944 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Grayp.788
EB Onlinescience/cerebellum
Téarmaíocht anatamaíoch


Ceirbrín

Cuid den inchinn atá suite sa taobh thiar íochtarach den chuas cráineach sa bhlaosc. Cuimsíonn sé dhá leathsféar nasctha sa mheánlíne leis an veirmis. Bíonn sé ceangailte le stoc na hinchinne le 3 phéire struchtúr a dtugtar sealgóga orthu, agus soláthraíonn cuid de bhalla an 4ú méadailín. Is iad a phríomhfheidhmeanna rialú staidiúire, gluaiseachtaí athdhéanta, agus cruinneas geoiméadrach gluaiseachtaí deonacha. De réir dealraimh, tá ról suntasach aige i bhfoghlaim. Má tharlaíonn damáiste don cheirbrín i ndaoine nó ainmhithe eile, tarlaíonn neamhluail cheirbríneach (neamhchomhordú gluaiseachta).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ceirbrín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 128.