Stoc na hinchinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Stoc na hinchinne

Is éard atá i gceist le stoc na hinchinne ná an chuid den néarchóras idir an tuilinchinn is corda an dromlaigh, ag cuimsiú na lárinchinne, an pons, is an medulla oblongata. Déanann na leathsféir cheirbreacha cumarsáid tríd leis an gcuid eile den néarchóras lárnach. Tá an lárionad cairdiach, an lárionad riospráide, an lárionad soitheachluadrach, agus lárionaid riachtanacha fhíseolaíocha eile suite sa medulla oblongata. Ar dhromchla cúil na lárinchinne tá 4 starr chruinn, eagraithe ina bpéirí, a ghlacann is a tharchuireann ríoga a bhaineann le gluaisní athfhillteacha rothlaithe na súl, an chinn, na colainne, is na ngéag amach ó nó i dtreo spreagthaí solais nó fuaime.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Stoc na hinchinne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 628.