Cath na Cearnóige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard a bhí i gceist le Cath na Cearnóige ná scliúchas seicteach idir na Cosantóirí, rúnchumann Caitliceach, agus na Peep o' the Day Boys ("Buachaillí Bhreacadh an Lae", "Buachaillí Bhodhránacht an Lae", nó "Clann na Cathaoire"), rúnchumann Protastúnach, a cuireadh ar an 21 Meán Fómhair 1795 in aice le Loch gCál i gContae Ard Mhacha. Níltear cinnte cé mhéid de na Cosantóirí a fuair bás sa teagmháil - luaitear uimhreacha éagsúla ó 4 go 30 - ach is é an tátal a baineadh as na himeachtaí gurbh iad na Protastúnaigh a bhuaigh an cath. Ba é Cath na Cearnóige ba chúis le bunú an Oird Oráistigh, leis.