An Chorr Chríochach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Chorr Chríochach

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°38′49″N 6°44′42″W / 54.647°N 6.745°W / 54.647; -6.745
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Administrative territorial entity of Northern Ireland (en) AistrighLár Uladh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán10,646 (2001) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistBT80 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód028 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie64199
Suíomh gréasáinmidulstercouncil.org Cuir in eagar ar Wikidata

Is baile suite i gContae Thír Eoghain é an Chorr Chríochach.[1] Is é an ceathrú baile is mó sa chontae agus bhí daonra ann de bheagnach 11,000 duine i nDaonáireamh 2001. Tá sé ar cheann de na bailte is mó i réimse Lár-Uladh. Bunaíodh an baile thart ar 1620 nuair a tugadh na bailte fearainn sa cheantar don dochtúir Alan Cooke, dlíodóir eaglasta as Sasana. Fuair sé an talamh ó Ardeaspag Ard Mhacha a thug dó í i ndiaidh Imeacht na nIarlaí i rith Phlandáíl Uladh. Bhí sí ar cheann de na hionaid is tábhachtaí sa tionscail línéadaigh, Iarthar Abhainn na Banna. Bhí sí ina lárionad d'obair lín sníomh, fí, thuaradh agus "beetling".

Tá príomhshráid an-chailiúil ag an bhaile seo mar is í an phríomhshráid seo ceann de na bóithre is leithne agus is fada in Éirinn. Tá an phríómhshráid 1.25 míle (2.01 ciliméadar) ar fad agus 135 troigh (41.15 méadar) ar leithead. Tá margadh le feiceáíl ar an phríomhshráid gach Satharn.

Ciallaíonn an logainm as Gaeilge 'cnoc teorann' Curtha i gcartlann 2021-01-25 ar an Wayback Machine.

De ghnáth, úsáidtear an logainm as Béarla 'Cookstown.'

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]