Na Cosantóirí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaNa Cosantóirí
Sonraí
Cineálsecret society (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata

Rúnchumann tuaithe ab ea na Cosantóirí (nó Defenders as Béarla) a bhí gníomhach in Éirinn san 18ú haois, agus baint acu le hÉirí Amach 1798 in Éirinn agus leis na hÉireannaigh Aontaithe.

1784-1795[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig na Cosantóirí ar an bhfód i gContae Ard Mhacha sa bhliain 1784, agus iad dírithe ar na Caitlicigh a chosaint ar ionsaithe na bPeep o' the Day Boys, nó "Buachaillí Bhodhránacht an Lae" mar a d'fhéadfaí a bhaisteadh orthu as Gaeilge. Rúnchumann Anglacánach ab ea iad siúd a tháinig chun saoil nuair a thosaigh na Caitlicigh ag dul le gnó an línéadaigh. Bhí gnó an línéadaigh ag dul chun mórthionsclaíochta san am, agus na muilte móra ag teacht in áit na dtionscal tinteáin, ach is é an chiall a bhain na Protastúnaigh as an scéal go raibh na Caitlicigh ag cur an ghnó ó mhaith orthu.

Theastaigh ó na "buachaillí" Protastúnacha a sásamh sin a bhaint as na Caitlicigh. Bhí na buachaillí is na Cosantóirí ag cur troda ar a chéile go dtí go bhfuair na Protastúnaigh an ceann ab fhearr ar na Caitlicigh i gCath na Cearnóige in aice le Loch gCál, Co. Ard Mhacha ar 21 Meán Fómhair 1795.

Príomhalt: Cath na Cearnóige


I ndiaidh an chatha seo, d'iompaigh na Peep o' the Day Boys ina n-eagraíocht nua, mar atá, an tOrd Oráisteach. Thairis sin, rinne siad cineghlanadh ar Lár Chúige Uladh. D'éalaigh na mílte Caitlicigh go Cúige Chonnacht agus go Cúige Laighean, agus tháinig eagraíocht na gCosantóirí in éineacht leo.

PEEP-OF-DAY BOYS (Madden 1888)

Trioblóidí Fhoirceala[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar feadh tamaill, chuaigh gníomhaíochtaí na gCosantóirí chun géaradais i ndeisceart Ard Mhacha. I bhFoirceal, sráidbhaile beag sna hOirthir i gContae Ard Mhacha, a thit na himeachtaí amach ba mhó a thabhaigh míchlú do na Cosantóirí. I Mí Eanáir 1791, bhuail slua d'fhir isteach i dteach máistir scoile dar shloinne Barclay. Bhí aithne ag an Uasal Barclay ar dhuine acu, ionas go raibh sé sásta cead isteach a thabhairt dóibh. D'ionsaigh siad é ansin agus thosaigh siad á thachtadh go dtí gur fáisceadh a theanga thar a bhéal. Ansin, bhain siad an teanga de agus ghearr siad trí mhéar dá lámh. D'imir siad íde de chineál chosúil ar a mhuintir freisin, nó theasc siad an teanga agus cúig mhéar dá bhean chéile, agus chaill deartháir a mhná céile colpa a leathchoise sa teagmháil fosta.

Cath na Cearnóige

Chuaigh an scéala ar fud na nuachtán. Bhí leagan eile fós le léamh ar an Annual Register sa bhliain 1791, iris a bhí á foilsiú ag an bpolaiteoir coimeádach Éamann de Búrca. D'áitigh an Register gur gearradh an teanga agus na méara de mhac mhuintir Barclay chomh maith, stócach nach raibh ach ceithre bliana déag, agus gur fágadh an teaghlach beo i ndiaidh na drochíde seo. Drochghníomh dubh a bhí ann, - a scríobhadh ar an Register - nach raibh a leithéid eile le fáil in annálacha staire na hÉireann.

Bhí muintir an cheantair ar fad i mbroid mhór roimhe sin mar gheall ar uacht conspóideach ar baineadh an chiall as nár cheadaigh sé do na Caitlicigh talamh a cheannach ná seanléas talún a athnuachan. Protastúnach a bhí i mBarclay féin, agus níor cheadaigh sé do na páistí Gaeilge a labhairt ar scoil ná paidreacha Caitliceacha a rá. An duine a bhfuair Barclay post an mháistir scoile uaidh, ba é an tiarna talún áitiúil é, fear darbh ainm Edward Hudson. Bhí Hudson ag féachaint leis an gceantar a "fhorbairt", ach is é an tuiscint a bhí aige ar an "bhforbairt" ná gurbh ionann é agus na tionóntaí Caitliceacha a chaitheamh amach. a dhíshealbhú agus a dhíbirt.

Baile Mhic An Aba inniu

Géarú ar an Achrann[cuir in eagar | athraigh foinse]

An t-achrann a thosaigh in Ard Mhacha, bhí sé á leathadh go dtí na contaetha eile. Sa bhliain 1792, in aice le Ráth Fraoileann i gCo. an Dúin, a thit na chéad trioblóidí eile amach. An seicteachas a bhí ag goilliúint ar dheisceart Uladh le fada, tháinig géarú suntasach air timpeall ar Ráth Fraoileann agus i nDroichead na Banna i Mí na Béaltaine den bhliain sin.

I Mí an Mheithimh, chuaigh na giúistísí i ndáil chomhairle le chéile agus tháinig siad ar an gconclúid go raibh an choimhlint idir na Cosantóirí agus na "buachaillí" Protastúnacha spréite anois go dtí cuid mhór de bharúntachtaí Uíbh Eachach Íochtarach agus Uachtarach. Tháinig géarú nua ar an bhforéigean ar an 6ú Bealtaine, nuair a thosaigh Cath Bhaile Cnapóige. Bhí trioblóidí de shórt éigin ansin roimhe sin féin, mar shampla tá sé sa seanchas gur scaoil Preispiteireach éigin urchair le lóistín na gCosantóirí in Oileán Maoile istoíche.

Is é an rud a chuir an lasair sa bharrach, áfach, ná an t-ionsaí a rinneadh ar shochraid i nDroim Bhaile Uí Ruanaí, agus máistir scoile Caitliceach á adhlacadh. Nuair a bhí an tsochraid ag dul ón teach pobail go dtí an reilig, bhí na Protastúnaigh ag caitheamh dartáin leis na daoine agus ag caitheamh maslaí ina ndiaidh. Ar an reilig féin dóibh, fuair lucht na sochraide iad féin faoi ionsaí ag an drong Phreispitéireach arís, díreach nuair a thosaigh na sagairt ag rá éagnairc an mharbháin. Bhí na Protastúnaigh ag crústach cloch ar na sagairt agus ag gabháil de smachtíní orthu, agus sa deireadh, d'éalaigh na sagairt agus scaip lucht na sochraide, ionas gur fágadh an marbhán gan adhlacadh.

Cumann na nÉireannach Aontaithe, Society of United Irishmen

Dealraíonn sé go raibh lucht trioblóide an dá thaobh ag déanamh téisclime le fada, agus nach raibh ach leithscéal éigin ag teastáil uathu le cath a chur suas. Ar feadh dhá lá, bhí an foréigean ag dul chun géaradais agus na Cosantóirí agus na Buachaillí Protastúnacha ag cur cath ar a chéile ar fud an cheantair, agus an chuma ag teacht ar an scéal go mbeadh ina chogadh ceart idir dhá arm anois, ach sa deireadh thiar, chinn an Ministir áitiúil, an tUrramach Samuel Barber, eadráin a dhéanamh agus an dá dhream a anacal ar a chéile. Le cabhair an Urramaigh agus daoine eile, tháinig an dá thaobh ar chomhréiteach, go ceann tamaill eile ar a laghad.

Ann nó as don chomhréiteach, chuaigh na cúrsaí chun teannais arís i rith an tsamhraidh. Tháinig daoine ceannasacha de chineálacha éagsúla le chéile san am seo le síocháin a lorg. Sna cruinnithe seo a múnlaíodh cuid mhór de pholaitíocht agus de chomhghuaillíochtaí polaitíochta na tíre sna 1790idí, nó is anseo a cheangail na hÉireannaigh Aontaithe an chéad nasc leis na Cosantóirí. Bhí Theobald Wolfe Tone, Somhairle Mac Néill, Seán Mac Eochaidh, Tomás Braughall, Alexander Lowry agus Tomás Ruiséil i láthair ag cruinnithe éagsúla.

Acht an Mhílíste 1793[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón mbliain 1778 i leith, thosaigh fuascailt na gCaitliceach ag dul chun cinn agus cuid de na Péindlíthe caite i dtraipisí. Fuair na Caitlicigh cead vótaí a chaitheamh agus giúróireacht a dhéanamh anois. Tar éis don Fhrainc cogadh a fhógairt ar an mBreatain Mhór, áfach, ritheadh Acht an Mhílíste, nó cineál coinscríobh cogaidh. Na fir a choinscríofaí in Éirinn, ní chaithfidís dul ar fiannas taobh amuigh dá dtír féin, ach is iomaí fear nár chreid an méid sin agus arbh fhearr leis mionna na gCosantóirí a thabhairt. An chuma a bhí ar na mionna, chuirfeadh sé agallamh beirte an Teagaisc Chríostaí i gcuimhne ort. Seo sampla as ceann de na foirmlí mionna:


Ní raibh ceannairí lárnach ag na Cosantóirí. Bhí siad eagraithe i mbrainsí áitiúla a bhí ceangailte go scaoilte. Níor fhás an eagraíocht chomh tapaidh sin mar gheall ar a ghanntanas airm. Rinne siad iarracht chur lena stór airm tríd tithe an Chinsealacht Phrotastúnach a ionsaí agus na hairm a ghoid. Tharla sé seo ar 40 feirm garr do Dún Dealgan de réir an 'Annual Register' an bhliain 1793. Is i gContae Liatroma a tharla an gníomhaíocht is mó ar pháirt na gCosantóirí. Tharla ruathair ar Chora Droma Rúisc agus Cluainín Uí Ruairc, go dtí gur buadh ar na Cosantóirí i Drumkeerin sa bhliain 1793. Brúadh na Cosantóirí faoi chois ar feadh tamaill tar éis seo, cé gur éirigh siad amach go hoscailte arís sa bhliain 1795 agus bhí na céadta saighdiúir ag teastáil chun iad a chur síos. Bhí na Cosantóirí láidir go leor chun cabhrú le na Francaigh nuair a tháinig siad i dtír le linn Éirí Amach 1798. Bhí neart Cosantóirí i láthair ag na bristeacha i mBéal Átha na Muc agus Gránard.

Cumann na nÉireannach Aontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

141
141

Theastaigh uaidh na hÉireannaigh Aontaithe go comhghuaillí a bheadh sna Cosantóirí dóibh. Chun é seo a bhaint amach thaisteal baill ar nós James Hope timpeall na tíre ag eagrú na brainsí agus ag scaipeadh bolscaireachta cosúil leis an bpáipéir nuachta an Northern Star. Athraíodh brainsí Cosantóira go cinn Éireannach Aontaithe gan mórán deacreacht agus glaodh "up and up" ar dhuine a bhí mar bhaill den dá eagraíocht. Tá sé deacair mar sin ról na gCosantóirí le linn an tÉirí Amach a mheas. Ach ina chuntas oifigiúil ar bhriseadh Airm na Breathnaine ag Cnoc Oultart ghlaoigh Colonel Foote, a bhí mar dhuine den líon beag saighdiúirí Briotanach nach maraíodh, Cosantóirí ar na réabhlóidithe a throid siad seachas Éireannaigh Aontaithe. Tharraing Cosantóirí Co.an Dúin amach as cath Ballynahinch nuair a chuala a ceannaire, John Magennis, faoi méid fórsaí Airm na Breataine.

De ghnáth tarraingaítear pictiúr de na Cosantóirí mar eagraíocht seicteach, fíor-Chatliceach, frith-Phrotastúnach nár thug mórán aird ar ídé-eolaíocht neamh-seicteach na hÉireannaigh Aontaithe. Bhí sé seo fíor ar ndóigh de mhéid áirithe dóibh. Cé nach raibh sagairt Catliceach go hiomlán sábháilte ach oiread. Is beag nár maraíodh ceann in Áth Luain trí é a chrochadh, tar éis dó labhairt amach ar son Acht an Mhílíste.

Mar gheall go raibh na Cosantóirí ceangailte le na hÉireannaigh Aontaithe, d'fhág turnamh na réabhlóide go raibh deireadh tagaithe leo freisin. Ach mhar tionchar na Cosantóirí ar aghaidh go grúpaí cosúila ar nós na Ribbonmen sna 1830idí.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]