Catch-22

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharCatch-22

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarJoseph Heller Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Ealaín chlúdaigh lePaul Bacon Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata, Stáit Aontaithe Mheiriceá, 1961 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
PríomhábharAn Dara Cogadh Domhanda Cuir in eagar ar Wikidata
Seánradúghreann, aoir, litríocht éigiallta, ficsean stairiúil, ficsean míleata agus ficsean cogaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaPianosa
an Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Gradam a fuarthas20th Century's Greatest Hits: 100 English-Language Books of Fiction (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith

Úrscéal aorach leis an údar Meiriceánach Joseph Heller is ea Catch-22 (nó dúsháinn as Gaeilge). Aithnítear go minic é mar cheann de mhór-shaothair na fichiú haoise.

B-25 ó Catch 22

Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scéal leath-stairiúil ata ann, ina thiteann eachtraí an scéil amach sna blianta 1942-1944, agus an Dara Cogadh Domhanda faoi lán seoil. Is é an Captaen John Yossarian - buamardaí mí-dhíograiseach de chuid Aerfhórsa na Stát Aontaithe laoch, nó frith-laoch, an urscéil.

Joseph Heller

Tá Captaen Yossarian traochta le huafás an chogaidh, gan chiall, agus tá sé go daingean diongbháilte ag lorg bealach amach ón slad. Síleann Yossarian imeacht óna chuid dualgas ach níl sé in ann. Chun é féin a choinneáil beo agus chun na misin eitilte a sheachaint, tá Yossarian ag ligint air féin go bhfuil sé ar mire.

Leaganacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh leagan scannáin den leabhar sa bhliain 1970, le Mike Nichols.

Chraol TG4 mionsraith[1] Catch-22, bunaithe chomh maith ar an leabhar le Jospeh Heller, sa bhliain 2020 (agus George Clooney mar stiúrthóir).[2][3] Sa leagan seo, creideann Yossarian go bhfuil na mílte duine, nach bhfaca sé riamh, ag iarraidh é a mharú!. Ach ní hé an namhaid is measa dó ach a arm féin a bhíonn seasta ag cur le líon na misean a chaithfidh na fir a thabhairt i gcrích sular féidir leo éirí as. Ach má shíleann Yossarian imeacht óna chuid dualgas, beidh sé ag sárú riail ar a dtugtar Catch-22 (an paradacsam, an tsáinn nó 'dúsháinn')– riail áiféiseach a bhfuil na fir idir an bád agus an balla ceart aige.[3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Heller ag scríobh an leabhar sa bhliain 1953 ach bhí 1961 ann nuair a foilsíodh don chéad uair é.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Catch-22 (miniseries)" (as en) (2021-09-11). Wikipedia. 
  2. NÓS. "‘Tabú’ le filleadh ar TG4" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2021-12-12.
  3. 3.0 3.1 TG4 (2020). "Bliain Nua Amach Romhainn ar TG4 | Preas Ráiteas" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2021-12-12.