Catalú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Catalú

Géarú nó moilliú imoibrithe cheimicigh trí ghníomhaíocht ábhair (an catalaíoch) a fhaightear ar ais gan athrú ag deireadh an imoibrithe. Tá fíorthábhacht leis an ngníomhaíocht seo sa cheimic is an bhitheolaíocht chun imoibrithe a ghéarú a rachadh rómhall ar chaoi eile, fiú is iad fabhrach ó thaobh fuinnimh de. I measc na gcatalaíoch tábhachtach, tá iarann i bpróiseas Haber-Bosch chun amóinia a tháirgeadh ó nítrigin an aeir, agus clóraifill a bhrostú sa bhfótaisintéis a thógann dé-ocsaíd charbóin ón aer chun hidreacarbóin choimpléascacha a chruthú i bplandaí. Nuair a tharlaíonn catalú taobh istigh de phas amháin, mar a tharlódh i dtuaslagán, tugtar catalú aonchineálach air. Catalú ilchineálach a tharlaíonn nuair a bhíonn níos mó ná pas amháin i gceist.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Catalú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 122.