Clóraifill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bíonn duilleoga glas de ghnáth cionnas go mbhíonn clórafill iontu.
Bíonn tiúchán ard clóraifille aimsithe sna clóraplaist.

Tugtar clóraifill[1][2] ar an lí ghlas, ar díorthach porfairin mhaignéisiam í, a fhaightear i bplandaí, in algaí, agus i gcianbhaictéir, agus a ionsúnn fuinneamh radanta ó sholas na Gréine, den chuid is mó sa raon gorm (le tonnfhaid 435-8 mm) is sa raon dearg (tonnfhaid 670-80 nm). Tarlaíonn imoibriú idir dé-ocsaíd charbóin agus uisce agus déantar glúcós agus ocsaigin. Scaoiltear an ocsaigin amach san aer, agus déantar stáirse agus stóráiltear é. Faightear athraithigh, agus is iad na cinn is tábhachtaí clóraifill a is clóraifill b i bplandaí tíre, agus clóraifill c is clóraifill d i bhfeamainn na farraige.[3] Tagann an t-ainm ón Ghréigis: χλωρός (chloros "glas") agus φύλλον (phyllon "duilleog").

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “chlorophyll — Aistriúchán Gaeilge ar chlorophyll (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-06-17.
  2. “chlorophyll” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-17.
  3. Hussey, Matt (2011). "Clóraifill". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 148.