Clóraplast

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Struchtúr ar leith a fhaightear i gcealla plandaí. De ghnáth bíonn cruth dédhronnach air, ag cuimsiú cruacha teasca scannánacha a iompraíonn na líocha fótaisintéiseacha atá leabaithe i maitrís. Bíonn roinnt áirithe ábhair ghéinitigh (DNA) ann, agus rialaíonn sé cuid de shintéisiú a phróitéiní féin.