Calgary
| Calgary | |
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Cúige: | |
| Méara: | Naheed Nenshi |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 726.50 km² |
| Daonra: | 988,193 (2006) |
| Dlús daonra: | 1,360.2/km² |
| Airde: | 1,048 m |
Cathair i gcúige Alberta, Ceanada is ea Calgary. Tá Calgary suite i ndeisceart an chúige i measc cnoc íseal agus fásach féir, 89 ciliméadar no mar sin taobh thoir de raonta tosaigh na Sléibhte Creagacha. Sa bhliain 2006, bhí 988,193 duine ina gcónaí sa chathair féin agus é ar an tríú cathair is mó i gCeanada. Sa bhliain chéanna, bhí 1,073,310 duine i mórcheantar Chalgary, is é sin, an cúigiú mórcheantar uirbeach is mó sa tír; 1,239,248 a bhí ann de réir mheastacháin a rinneadh sa bhliain 2009.[1]
Tá Calgary 294 ciliméadar ó dheas ó Edmonton, príomhchathair an chúige. “Bealach [Corridor] Calgary-Edmonton” a thugtar ar an tsraith bhailte beaga idir an dá chathair. Tá geilleagar Chalgary bunaithe ar an ola agus ar an ngás nádúrtha, ar an talmhaíocht agus ar an turasóireacht. Bionn an Calgary Stampede, rodeo agus aonach mór, ann gach bliain i mí Iúil ón bhliain 1912 anuas. Tionóladh na Cluichí Olimpeacha Geimhridh den chéad uair riamh i gCeanada, in Calgary, sa bhliain 1988.
Fort Brisebois a thugtaí ar an áit ar feadh tamall, ach sa bhliain 1876 d’ainmnigh an Coirnéal James MacLeod Fort Calgary é i ndiaidh Calgary (Gàidhlig: Calgarraidh) i Muile, in Albain.
Bionn Calgary rangaithe go hard ar shuirbhéanna a bhaineann le cáilíocht na beatha. Mar shampla, sa bhliain 2007 chuir Forbes Magazine Calgary sa chéad áit ar a liosta s'acusan de na cathracha is glaine ar Domhan.[2]
[athraigh] Aeráid
| Calgary International Airport – Aeráid | |||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Mí | Eanáir | Feabhra | Márta | Aibreán | Bealtaine | Meitheamh | Iúil | Lúnasa | Meán Fómhair | Deireadh Fómhair | Samhain | Nollaig | Bliain |
| Teocht is airde (°C) | 16.5 | 22.6 | 22.8 | 29.4 | 32.4 | 35.0 | 36.1 | 35.6 | 33.3 | 29.4 | 22.8 | 19.5 | 36.1 |
| Meán-uasteocht an lae (°C) | −2.8 | −0.1 | 4.0 | 11.3 | 16.4 | 20.2 | 22.9 | 22.5 | 17.6 | 12.1 | 2.8 | −1.3 | 10.5 |
| Meán-bháisteach (mm) | 11.6 | 8.8 | 17.4 | 23.9 | 60.3 | 79.8 | 67.9 | 58.8 | 45.7 | 13.9 | 12.3 | 12.2 | 412.6 |
| Foinse: Environment Canada[3] Lúnasa 2010 | |||||||||||||
[athraigh] Tagairtí
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.