Calgary Stampede

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cailín bó ag casadh bairille ag an Calgary Stampede

Féile mhór faoin aer den chineál ar a dtugtar "rodeo" is ea an Calgary Stampede, nó uaireanta Rodeo Calgary. Tionóltar é in Calgary, Alberta, Ceanada ar feadh deich lá gach bliain i Mí Iúil. Deirtear uaireanta gurb é “An seó faoin áer is mó ar Domhan” é. An t-imeacht bliantúil is mó i gCeanada atá ann.

Le linn seachtain an Stampede bíonn comórtaisí rodeo, seónna, ceolchoirmeacha, comórtaisí talmhaíochta, taispeántais chultúr na mBundúchasach, rásaí veaineanna bia ("chuck wagons") agus bricfeastaí pancóige ar fud na cathrach. Sa bhliain 2005, d'fhreastail 1,242,928 duine ar an Stampede. Bíonn paráid ann ar chéad lá na féile, ceann de na traidisiúin is faide siar de chuid an Stampede. Téann an pharáid 4.5 ciliméadar trí lár na cathrach, agus bíonn amach is isteach le 350,000 duine ann ag féachaint air. Craoltar ar an teilifís é freisin, é feicthe ag dhá mhilliún duine. Caitheann lucht Calgary éadaí den stíl Western le linn na féile agus maisítear na siopaí agus na hoifigí dá réir.

Cuireadh aonach ar siúl in Calgary den chéad uair sa bhliain 1884. Iarracht leis an chathair a chur chun cinn a bhí i gceist. Theip ar na hiarrachtaí den shaghas sin, áfach, go dtí an bhliain 1912, nuair a spreag fiontraí agus fear mór seó Meiriceánach darbh ainm Guy Weadick bocs móra na cathrach chun an chéad Stampede a chur ar siúl. Tháinig daoine le chéile ó na Stáit Aontaithe, Ceanada agus Meicsiceo chun cultúr agus saol an Iarthair a thaispeáint os comhair an tsaoil.

Paráid an Chalgary Stampede sa bhliain 1923

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]