Caisleán Bhaile na Carraige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Bhaile na Carraige
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile na Carraige, Éire
Map
 52°34′02″N 8°33′26″W / 52.567311°N 8.557222°W / 52.567311; -8.557222

Túrtheach ó na meánaoiseanna i gContae Luimnigh, Éire is ea Caisleán Bhaile na Carraige. Tá sé suite in aice le sráidbhaile Bhaile an Fhaoitigh,[1], 11 km (7 mhíle) ó chathair Luimnigh.

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an túr, le plean urláir cearnach, ina sheasamh ar lomán carraigeach taobh thiar d’fhothrach Theach Bhaile na Carraige. Tá cúig urlár ann. Tá an chuid is mó den fhoirgneamh slán, ach tá roinnt damáiste thart ar an doras a bhfuil poll lámhaigh os a chionn. Tá sé feistithe go maith le scoilteanna cúnga cosanta a bhfuil cinn cearnacha ag an gcuid is mó díobh. Gearradh trinse isteach sa charraig díreach os comhair an dorais isteach.[2]

Tá an chéad urlár in easnamh ach tá an tsíleáil boghtach agus tá cuasa doimhne ar na fuinneoga cúinne. Ardaíonn staighre bíseach, soilsithe ag scoilteanna caola, sa chúinne go leibhéal an dín. Tá an túrteach cosúil le cineálacha áirithe i Contae na Gaillimhe le seomraí móra ar an gcuid is mó den fhoirgneamh agus seomraí beaga dronuilleogacha ag dul amach ón staighre. Tá teallach oscailte ag an seomra ar an dara hurlár i gcúinne amháin, ach níl an tsíleáil ann a thuilleadh. Tá síleáil bhoghtach ar an tríú hurlár freisin. Tá clocha insí maithe ag na doirse a théann ón staighre.[2]

Tá trí fhuinneog stuacha ar an urlár uachtarach a bhfuil cuasa doimhne agus cinn chruinne orthu. Is fuinneoga dhá léas dhá cheann acu, agus d’fhéadfadh an tríú ceann a bheith cosúil leo ach tá sé scriosta go mór. Tá roinnt fuinneog cúng ann freisin. Tá an díon in easnamh ach tá roinnt coirbéal in áit. Seasann túr beag os cionn leibhéal an dín i gcúinne amháin.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ballyneety, Co. Limerick”. Ballyhoura Development Ltd (2012). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 21 July 2012. Dáta rochtana: 11 January 2012.
  2. 2.0 2.1 2.2 Rockstown Castle”. Irish Antiquities. Dáta rochtana: 2019-04-22.