Buaicfhosfar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Graf a léiríonn táirgeadh domhanda na fosfáite carraige (nó Fosfairít), 1900-2016, a tuairiscíodh ag 'Suirbhéireacht Gheolaíochta na Stát Aontaithe' (SGSA).[1]

Coincheap is ea an téarma buaicfhosfar chun cur síos a dhéanamh ar an bhomaite a shroiseann an cine daonna an t-uasmhéid ráta táirgthe dhomhanda den mhianra fosfar, mar amhábhar tionsclaíoch agus tráchtála. Mar an gcéanna, baintear úsáidtear as an téarma aithnidiúil Buaic na hola. Ardaíodh an cheist i ndíospóireacht faoi cé acu an gearr uainn "buaicfhosfar"  nó nach raibh, thart ar 2010, ach den chuid is mó rinneadh beag is fiú den smaoineamh, tar éis gur mhéadaigh an SGSA agus eagraíochtaí eile meastacháin domhanda de na hacmhainní fosfair a bheidh ar fáil.[2]

Acmhainn fhinideach (teoranta) is ea fosfar a mbíonn go forleathan i screamh an Domhain agus in orgánaigh bheo, ach réasúnta gann i gcruthanna tiubhaithe, nach bhfuil dáilte amach go cothrom ar fud an Domhain. An t-aon  modh táirgthe cost-éifeachtúil go dtí seo is ea mianadóireacht na [[fosfáit charraige| fosfáite carraige]], ach níl stoc  suntasach ann ach ag cúpla tír. Is iad na ceithre ar bharr an liosta ná, Maracó, an tSín, an Ailgéir agus an tSiria. Bíonn athrú suntasach ar mheastacháin an táirgthe amach anseo, ag brath ar shamhaltú agus ar bharúlacha ar  thoirteanna inbhainthe, ach tá sé dosheachanta go mbeidh táirgeadh na fosfáite carraige go mór faoi thionchar Mharacó sa todhchaí intuartha.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  2. Edixhoven, J.D. (2013). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". Earth System Dynamics 5: 491-507. doi:10.5194/esd-5-491-2014. Bibcode2014ESD.....5..491E. Dáta rochtana: 9 October 2017. 
  3. Walan, P. (2014). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". Resources, Conservation and Recycling 93 (12): 178-187. doi:10.1016/j.resconrec.2014.10.011. Dáta rochtana: 9 October 2017.