Fosfar
| Fosfar | |
| Siombail Cheimiceach | P |
| Uimhir Adamhach | 15 |
| Meáchan Adamhach | 30.973762(2) g·mol |
| Grúpa, Peiriad | 15, 3, p |
| Dlús | 1.823 g·cm−3 |
| Sraith Cheimiceach | Neamh-mhiotail |
![]() |
|
Is é an fosfar dúil cheimiceach uimhir a cúig déag.. Tá sé 30.973762 g/mol ar mheáchan adamhach, agus is é P an tsiombail cheimiceach. Neamh-mhiotal é an fosfar a bhfuil a lán allatróp éagsúil aige. Bíonn an fosfar coitianta go leor sa dúlra, ós fosfáití iad a lán cineálacha cloiche. Tugtar fosfaracht nó fosfaraíocht ar an méarnáil a thagann i substaintí áirithe agus iad tar éis solas nó radaíocht a shú isteach, ach le fírinne, ní fosfaracht den chineál seo atá i gceist le méarnáil an fhosfair bháin, ach ceimealonracht. Is é sin, tá imoibriú ceimiceach ar siúl idir an fosfar agus ocsaigin an aeir, agus is é an t-imoibriú sin is cúis leis an loinnir.
Tá an fosfar an-araiciseach chun imoibriú a dhéanamh, agus mar sin, ní fhaightear ina dhúil é sa dúlra. Tá ról tábhachtach aige sa bhitheolaíocht, agus teacht air san aigéad dí-ocsairibeanúicléasach, san aigéad ribeanúicléasach, sa trífhosfáit adanóisín, sna fosfailipidí agus i gcuid mhaith substaintí bithcheimiceacha eile. Úsáidtear fosfar i leasú talún, i dtaos fiacla, i gcipíní, i néargháis, i dtine ealaíne, i bhfeithidicídí agus i nglantaigh.
Ba é an t-ailceimiceoir Gearmánach Hennig Brandt a d'aonraigh an fosfar bán an chéad uair sa bhliain 1669, nuair a bhí sé ag iarraidh órchloch a dhéanamh as a chuid múin féin.
Amach ón bhfosfar bán, tá roinnt allatróp eile ag an dúil seo. Tá an fosfar bán comhdhéanta as móilíní ceithre adamh, P4, agus is iad na móilíní seo atá le fáil san fhosfar ghásaithe chomh maith, ach titfidh siad as a chéile go móilíní dé-adamhacha P2. Nimh atá san fhosfar bhán, ós rud é go bhfuil sé an-araiciseach chun imoibriú a dhéanamh. Maidir leis an bhfosfar dearg, tá sé comhdhéanta as slabhraí fada polaiméireacha. Is féidir fosfar dearg a fháil tríd an bhfosfar bán a théamh suas go 250 °C. Ar dtús, gheofar fosfar dearg dímhorfach, ach ansin, má choinnítear ag téamh an fhosfair, tiocfaidh struchtúr criostalach ann.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
