Buaic na hola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Astuithe domhanda an charbóin iontaise ó 1800 go 2000, ar miosúr maith iad ar an tomhaltas. Taispeánann an graf dubh an t-iomlán, agus seasann an graf gorm don ola.

Is é is brí le buaic na holabuaic Hubbert ná an bhuaic a shroichfidh táirgíocht dhomhanda na hola sula gcasfaidh an graf síos arís, de réir teoiric Hubbert. Is é an rud a deir teoiric Hubbert go bhfuil an ola ag trá orainn, agus go bhfuil táirgíocht na hola leis an mbuaic seo a shroicheadh bliain de na blianta seo. I ndiaidh na buaice a gheofar amach, cá huair go beacht a sroicheadh í, áfach. Is é an tuairim atá ag ASPO (Association for the Study of Peak Oil and Gas) ná gur sroicheadh an bhuaic sa bhliain 2004, a fhad agus atá an artola i gceist. Tiocfaidh an bhuaic sa bhliain 2007 don ghás nádúrtha agus do na cineálacha eile ola.

Is mór an t-ábhar buartha, ar ndóigh, a bhfuil i ndán don chine dhaonna i ndiaidh thriomú na bhfoinsí ola, ós rud é go bhfuilimid an oiread sin ag brath ar an ola mar bhreosla agus mar amhábhar don tionsclaíocht cheimiceach. Tá siad ann a deir nach féidir an olltubaiste a sheachaint, chomh maith leis an dream a deir nach mbeidh ann go bunúsach ach géarchéim a rachaidh thart.

Teoiric Hubbert[athraigh | edit source]

Cruthaíodh artola agus gual nuair a fágadh iarsmaí de neacha beo faoi bhrú na screimhe domhanda, na milliúin de bhlianta ó sin. Is acmhainní nádúrtha den chineál do-athnuaite iad, agus mar sin, tiocfaidh deireadh leo, an lá is faide anonn.

Is é an rud a rinne an geoifisiceoir M. King Hubbert ná samhail mhatamaiticiúil a cheapadh agus í bunaithe ar an smaoineamh go mbeidh táirgíocht na hola ag fás is ag dul i laghad de réir graf loighisticiúil. Tá an graf seo - graf Hubbert - ag breathnú cosúil le clog na heaglaise agus é á fheiceáil ón taobh. Thiar sa bhliain 1956, thuar Hubbert, de réir a theoirice, go dtiocfadh buaic na táirgíochta ola sna Stáit Aontaithe féin i dtús na seachtóidí, agus bhí an ceart aige an uair sin. Ó thús na seachtóidí i leith, tá an táirgíocht sna Stáit ag dul i laghad, agus tá sé sábháilte a rá nach mbeidh braon artola fágtha sa tír sin sa bhliain 2100, mura raibh dul amú ar Hubbert.

Maidir leis an ola sa domhan go léir, is é an tuairim atá ag ASPO ná go dtosóidh an táirgíocht ag trá i ndiaidh na bliana 2007, agus géarchéim ag teacht sna sálaí ag an bhforbairt seo. Iad siúd atá ar aon tuairim le hASPO, deir siad go bhfuil na foinsí ola ag triomú. Níltear ag teacht trasna ar fhoinsí nua a thuilleadh, mura rachfar i muinín modhanna oibre nua - artola a bhaint as an ngaineamh, cuir i gcás.

Tá sé deacair a rá, áfach, an bhfuil muid i ndiaidh na buaice cheana féin nó nach bhfuil, ós rud é nach bhfuil aon ionad neamhspleách taighde ag déanamh suirbhéireachta ar acmhainní ola an domhain, agus dealraíonn sé go bhfuil tíortha táirgthe na hola ag scaipeadh eolas neamhchruinn ar chúiseanna polaitiúla dá gcuid féin, freisin.

Faoi láthair, tá an táirgíocht ag dul síos i 33 thír as an 48 dtír is mó táirgíochta. Is féidir fás na táirgíochta a aithint in áiteanna cosúil leis an Rúis agus leis an mBrasaíl.

Cad é atá i ndán dúinn?[athraigh | edit source]

Is follasach nach dtriomóidh na foinsí thar oíche. Is é an cineál forbairt atá i ndán dúinn, más fíor do Hubbert, ná go mbeidh praghas na hola ag fás thar fóir. Is iomaí tionchar a imreoidh ardú seo na bpraghasanna ar eacnamaíocht an domhain. Ós rud é go bhfuil ola de dhíth mar amhábhar le haghaidh plaistigh agus feithidicídí, beidh praghas níos airde ar a leithéidí de tháirgí. Ní bheidh sé réasúnta a thuilleadh bia a iompar ó thír go tír, agus caithfear é a fhás in aice le lucht a ite arís. Mar sin, tiocfaidh maolú ar an trádáil dhomhanda.

Deir cuid de na saineolaithe go bhfuil an tsibhialtacht thionsclaíoch le dul de dhroim an domhain ar fad, de cheal peitril, ós rud é go bhfuil muid an oiread sin i dtuilleamaí na hola. Tá tuairimí eile ann, áfach. Deirtear freisin go gcaithfidh muid dul trí ghéarchéim thromchúiseach eacnamaíochta, ach más amhlaidh féin, nach é deireadh an tsaoil é, ós rud é nach bhfuil muid ag brath ar an ola inniu is mar a bhí muid roimhe seo. Is dócha, áfach, go mbeidh ag maolú ar éifeachtúlacht an gheilleagair i bhfad amach anseo, sula n-éireoidh leis na hinnealtóirí na foinsí nua fuinnimh a chur in úsáid.

Tá sé intuigthe, freisin, nach mbeidh na tíortha tearcfhorbartha ábalta riamh caighdeán maireachtála na dtíortha ardfhorbartha a bhaint amach, ó thráfaidh an ola agus an fuinneamh roimhe sin. An mealladh a bhainfidh an scéal seo as muintir na dtíortha bochta, is féidir go spreagfaidh sé gach sórt trioblóidí idirnáisiúnta.

Níl sé docheaptha go dtiocfaidh muid réasúnta slán as an bponc seo le cuidiú na bhfoinsí nua fuinnimh, cosúil le fuinneamh na gréine, fuinneamh na gaoithe, fuinneamh na sruthanna uisce, an teas geotheirmeach, agus fuinneamh na dtaoidí. Táthar ag tuar go gcuirfear suim san fhuinneamh núicléach arís, siúd is go mbíonn mímhuinín ag na daoine as, ar chúiseanna slándála. Thairis sin, is dócha go bhfoghlaimeofar leas níos fearr a bhaint as foinsí neamhghnácha ola, cosúil leis an ngaineamh ola agus leis an mbiotúman.

Nasc seachtrach[athraigh | edit source]

Beo.ie - An peitreal: deireadh an bhóthair ag teacht? Alt faoi bhuaic na hola

Oilcrash, 2006