Brian David Josephson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i gCaerdydd is ea Brian David Josephson (1940-). Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic le Leo Esaki is Ivar Giaever i 1973 as a réamhinsintí teoiriciúla maidir le forshruthanna ag déanamh tolláin trasna cumair idir dhá leathsheoltóir (cumar Josephson). Tugtar iarmhairtí Josephson ar na feiniméin seo, atá bunúsach don mhodh caighdeánach chun voltas a thomhas ó 1990 anall.