Blàr Ghleann Sheile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Blàr Ghleann Sheile
Éirí Amach faoi leith
Blàr Ghleann Sheile

Blàr Ghleann Sheile 1719 le Peter Tillemans (1719)

Dáta: 10 Meitheamh 1719
Áit: Ghleann Sheile, Iarthar na nGarbhchríoch, Albain
Toradh: Bua straitéiseach do Rialtais na Breataine Móire
Céilí comhraic
Ríocht na Breataine Móire Seacaibítigh agus Spáinnigh
Ceannasaithe
Joseph Wightman Marcuis Thulaich-Bhàrdain;
Uilleam Dubh Shìophort;
An Morair Seòras Moireach
Slua
1,400 - ina measc:
120 de mharc-shluagh;
Dá reisimint d'fhir-chinnidh Ghaeltacht na hAlba;
4 bataire-mortair
1,200 - ina measc:
Clann MhicCoinnich;
Clann Chamshroin;
Clann Fhionghain an t-Sratha;
Clann Ghriogair;
200 saighdiúir dhen arm ceangailte Spainneach
Taismigh
21 agus 100 créachtaithe 100 marbh agus a lán níos mó créachtaithe

Is éard a bhí i gceist le Blàr Ghleann Sheile (Béarla: Battle of Glen Shiel) ná cath a troideadh i nGleann Sheile, in Iarthar na nGarbhchríoch, in Albain, ar an 10 Meitheamh, 1719, idir trúpaí rialtas na Breataine Móire agus Comhghuaillíocht Sheacaibíteach agus Spáinneach. Bhí an bua ag fórsaí na Breataine Móire. Meastar, uaireanta, gur síneadh é ar Éirí Amach 1715, ach bheadh sé níos cruinne é a mheas mar éirí amach faoi leith. Seo an t-aon cheannairc faoi arm amháin a cuireadh faoi chois le gníomh amháin míleata.

Neartú chun catha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis Conradh Utrecht, glacadh le Philib V mar Rí na Spáinne mar iomlaoid ar roinnt lamháltas. Fuair an Bhreatain Mhór urlámhas ar roinnt críoch Spáinneach, mar shampla Menorca agus Giobráltar, a d'fhéadfaí a chosaint, mar go raibh an cabhlach is mó sa domhan ag an am sin ag an Bhreatain Mhór.

Is é an toradh a bheadh ar phleananna Philib cumhacht na Spáinne a athbhunú ná coimhlint fhoréigneach a thionscnamh leis an Bhreatain. Chuir Pilib agus a chomhairleoir Iodálach, an Cardinéal Giulio Alberoni, feachtas i ngníomh san Mheánmhuir thiar. Sa bhliain 1717, sheol 8,500 saighdiúir coise agus 500 fear marcra ó Bharcelona agus ghabh siad an tSairdín gan deacracht. An bhliain dár gcionn, rinne 38,000 trúpaí mar an gcéanna leis an tSicil.

D'fhreagair an Bhreataine Mhór ar an 11ú Lúnasa; ag dearbhú sárú Utrecht. Thascar agus scrios an Cabhlach Ríoga loingeas José Antonio de Gaztañeta, i réigiún Capo Passero (in aice Sioracús). D'fhógair an Spáinn cogadh in aghaidh na mBriotanach. Chinn Alberoni ar tionscnamh chun trioblóide a chorraí sa Bhreatain roimh ré, ag súil go gcuirfí moill ar aon ionsaí ar Leithinis na hIbéire.