Conradh Utrecht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An chéad eagran de Chonradh Utrecht sa bhliain 1713, curtha i gcló i Spáinnis, Laidin agus i mBéarla.

Bhunaigh Conradh Utrecht Síochán Utrecht, sé sin, an tsraith conarthaí síochána aonair, seachas doiciméad amháin, a síníodh sa chathair Ollannach Utrecht i mí Márta agus Aibreán na bliana 1713. Chabhraigh na conarthaí i measc stáit éagsúla na hEorpa, lena n-áirítear an Fhrainc, an Spáinn, an Bhreatain Mhór, an tSaváí, agus Poblacht na hÍsiltíre, deireadh a chur le Cogadh Chomharbais na Spáinne. Cuireadh na conarthaí i gcrích idir ionadaithe Louis XIV na Fraince agus Pilib V na Spáinne ar an taobh amháin, agus ionadaithe Bhanríon Áine na Breataine Móire, Diúc na Saváí, agus na Cúigí Aontaithe ar an taobh eile.

Chláraigh an Conradh an briseadh ar uaillmhianta Rí na Fraince Louis XIV, curtha in iúl sna cogaí a spreag sé roimhe sin, agus chaomhnaigh sé an 'córas Eorpach', a bhí bunaithe ar chothromaíocht na cumhachta. [1]

Na hathruithe a chuireadh i bhfeidhm i ndiaidh an chonartha.

Na hidirbheartaíochta[athraigh | edit source]

D'aontaigh an Fhrainc agus an Bhreatain Mhór le téarmaí i nDeireadh Fómhair na bliana 1711, nuair a a síníodh réamhchéimeanna na síochána i Londain. Bunaíodh an chéad chomhaontú ar an bhfaomhadh intuigthe go mbeadh críochdheighilt sealúchas Spáinneach san Eoraip i gceist. Tar éis seo, d'oscail chomhdháil ag Utrecht, ar an 29ú Eanáir sa bhliain 1712, agus bhí John Robinson, Easpag Bhriostó, agus Thomas Wentworth, Tiarna Strafford ag ionadaíoch ar son na Breataine. Go drogallach, ghlac na Cúigí Aontaithe le réamhchéimeanna na síochána agus sheoladar ionadaithe ar aghaidh, ach dhiúltaigh tImpire go dtí go raibh sé cinnte nach raibh na réamhchéimeanna ceangailteach. Tugadh an dearbhú dó agus mar sin i mí Feabhra d'fhreastail ionadaithe an Impire ar na hidirbheartaíochta. Ós rud é nár aithníodh Philip V mar a rí go fóill, níor sheol an Spáinn a lánchumhachtaigh ar dtús báire, ach sheol an tSaváí ionadaí amháin, agus bhí ionadaithe na Phortaingéile i láthair freisin.

Ceann de na chéad ceisteanna a phléadh ná an cineál ráthaíochta a bheadh tugtha don Fhrainc agus don Spáinn go gcoinnítear a gcuid corónacha glan ó a chéile, agus ní raibh aon dul chun cinn sna hábhair seo go dtí tar éis an 10ú Iúil, 1712, nuair a shínigh Pilib litir thréigin. Nuair a d'aontaigh an Bhreatain Mhór agus an Fhrainc ar sos cogaidh, luathaigh luas na hidirbheartaíochta, agus síníodh na príomh-chonarthaí sa deireadh ar an 11ú Aibreán, 1713.

Príomh-fhorálacha[athraigh | edit source]

Faoi fhorálacha na gconarthaí, aithníodh Pilib, Diúc Anjou agus garmhac Louis XIV, mar Rí na Spáinne (mar Pilib V), ag deimhniú dá bhrí sin an comharbas mar a shonraíodh é in uacht bháis dheiridh an Rí Séarlas II. Mar sin féin, bhí d'fhiacha ar Philib aon cheart chun ríchathaoir na Fraince a thréigean, do féin agus a sliocht, in ainneoin roinnt amhras maidir le dleathacht ghníomh den sórt sin. Sa bhealach céanna, thréigean prionsaí Francacha éagsúla ríchathaoir na Spáinne, lena n-áirítear, ach go háirithe an Diúc Berry ( an garmhac is óige a bhí ag Louis XIV ) agus an Diúc Orléans (nia an Rí Louis),

Roinneadh Impireacht na Spáinne san Eoraip freisin: fuair an tSaváí an tSicil agus codanna de Dhiúcacht Mhilano, agus fuair Séarlas VI (Impire Naofa Rómhánach agus Ard-diúc na hOstaire) an Ísiltír Spáinneach, Ríocht Napoli, an tSairdín, agus an chuid is mó de Dhiúcacht Mhilano. Aithníodh raibh an flaitheas ag an Phortaingéil ar na tailte idir na aibhneacha an Amasóin agus an Rio Oiapoque, sa Bhrasaíl. Sa bhliain 1715, aisghabháil an Phortaingéil Colonia del Sacramento in Uragua, a bhí glactha uaithi ag an Spáinn .