Bill de Blasio

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bill de Blasio

Polaiteoir Meiriceánach agus an 109ú méara ar Chathair Nua-Eabhrac is ea Bill de Blasio, né Warren Wilhem, Jr., a rugadh ar 8 Bealtaine 1961 i Manhattan, Nua-Eabhrac. Ar an 5ú Samhain 2013 toghadh é mar mhéara na cathrach. Fuair sé breis is 73% de na vótaí sa toghchán. Is de shliocht Gearmánach é ar thaobh a athar, de shliocht Iodálach ar thaobh a mháthar. Tógadh in Cambridge, Massachusetts é, agus tá sé ina chónaí lena bhean chéile agus a mbeirt pháistí in Park Slope, Brooklyn. Ar an chéad lá d'Eanáir, 2014 a ghlac sé mionn na hoifige mar chomharba ar Michael Bloomberg. Is ball den Pháirtí Daonlathach é.