Bernard Palissy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Potaire a saolaíodh in Agen na Fraince ab ea Bernard Palissy (c 1510-1590). Thosaigh sé mar phéintéir gloine, ach shaothraigh bealach nua chun cré-earraí a ghlónrú. Bhí sé in ann plandaí is ainmhithe, daite go nádúrtha, a chur i rilíf ard ar a chuid earraí, agus thabhaigh sé seo clú dó. Cuireadh i bpríosún é i 1562 de bhrí gurbh Úgónach é, ach saoradh é go luath agus lean sé lena a ghnó cáiliúil sna Tuileries. Ach caitheadh i bpríosún arís é i 1588 ar an gcúis chéanna, agus fuair sé bás.