Barbróg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tom duillsilteachsíorghlas, dúchasach do réigiúin mheasartha ó thuaidh is i Meiriceá Theas. Péacáin fhada spíonta tríphointe, na duilleoga dealgach, go minic. Na bláthanna buí, flannbhuí nó scothdhearg. Na caora dearg, dubh, gorm, buí nó corcra, cruinn nó sorcóireach. Fástar cuid mhaith gnéithe mar mhaisiúchán, na gnéithe le duilleoga corcra go háirithe. Is óstach an bharbróg choiteann a bhíonn riachtanach i dtimthriall beatha an dúchain, galar gránbhairr. I dtíortha áirithe, sna Stáit Aontaithe go príomha, rinneadh iarracht an bharbróg choiteann a stoitheadh ó fhréamh chun an galar sin a chloí.