Bás Adolf Hitler

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Clúdach an nuachtáin Stars & Stripes, 2 Bealtaine 1945

Chuir Adolf Hitler lámh ina bhás féin ar an 30 Aibreán 1945 i mBeirlín.

Ní raibh coimpléasc capaill ag Hitler riamh, agus ag druidim chun deiridh don chogadh ní raibh sláinte an deachtóra ach ag dul chun donais. Creidtear inniu go raibh galar Parkinson air, agus é ag éirí néaltraithe chomh maith. Mar sin féin, bhí sé in ann geasa agus draíocht a chur ar na daoine ina thimpeall i gcónaí. Ar an 19ú lá de Mhárta 1945, d'eisigh sé an t-ordú ar a dtugtar an Nerobefehl go coitianta, nó "ordú Nero" - ordú atá ainmnithe as Nero, Impire na Róimhe, faoina ndeirtear gur chuir sé an Róimh trí thine d'aon ogham. Is é an rud a d'ordaigh Hitler dá chuid trúpaí ná infreastruchtúr na Gearmáine a dhíothú de réir mar a bhí siad ag cúlú. Níor aithin sé ach an dá rogha: an bua nó an léirscrios. Ba leis na Rúisigh an todhchaí, dar le Hitler, agus ní fhéadfadh na Gearmánaigh, anois, ach stáitse na staire domhanda a fhágáil ina ndiaidh agus imeacht de dhroim an tsaoil go hiomlán. Ní raibh Albert Speer, Aire na Téisclime Cogaidh, in inmhe an t-ordú seo a scaipeadh i measc na dtrúpaí a thuilleadh, ós rud é go raibh na línte cumarsáide briste faoin am seo.

Ar an 22ú lá de Mhí Aibreáin, chlis a chuid néaróga ar Hitler, nuair a bhí sé ag cardáil an tsuímh mhíleata lena fhoireann thíos sa bhuncar. Bhí sé tar éis ordú a thabhairt do Felix Steiner, ginearál de chuid an SS, teacht chun fortachta do Bheirlín lena chuid tancanna. Bhí Steiner inbharúla go raibh na cúrsaí chomh dona is nach bhféadfadh sé a leithéid a dhéanamh, agus dhiúltaigh sé glan amach an t-ordú a chomhlíonadh. Bhí Hitler suite siúráilte anois go raibh sé ligthe síos ag an SS féin, agus nach mbeadh a dhath le déanamh ach féinmharú. Cé gur áitigh Martin Bormann, Wilhelm Keitel agus Hermann Göring air Beirlín a thréigean agus an fód deireanach a sheasamh in áit éigin eile, d'fhan Hitler san áit a raibh sé. Thug sé cead do dhaoine dá fhoireann éalú ón bpríomhchathair, agus d'fhág sé faoina aide de camp, Julius Schaub, a chuid doiciméad a loscadh.

I rith an chéad chúpla lá eile, ba é an t-ábhar ba mhó a bhí i mbéal na ndaoine i mbuncar an deachtóra ná cá raibh na Rúisigh faoi láthair agus conas a d'fhéadfá féinmharú a dhéanamh gan an iomarca a fhulaingt sula mbeidís anuas ort. Thug Hitler piollaí ciainíde do na daoine ina thimpeall lena chur ar a gcumas slán a fhágáil ag an saol seo go sciobtha. Ar an 29ú lá de Mhí Aibreáin 1945, dheachtaigh Hitler a thiomna polaitiúil agus shínigh sé uacht phearsanta. Ansin, phós sé a sheanleannán Eva Braun. An lá arna mhárach, bhain an bheirt acu greim as na piollaí ciainíde, ach scaoil Hitler piléar ina chloigeann sular thosaigh an nimh ag oibriú.

Mar a bhí ordaithe ag Hitler roimhe sin, d'fhéach Martin Bormann in éineacht le Heinz Linge (giolla pearsanta Hitler), Otto Günsche (fear de chuid an SS a bhí ina shearbhónta míleata do Hitler), agus roinnt daoine eile de lucht freastail Hitler chuige gur cuireadh na corpáin trí thine agus gur hadhlacadh na hiarsmaí. Tháinig na saighdiúirí Sóivéadacha trasna ar na hiarsmaí ina dhiaidh sin, áfach, agus haithníodh ar na fiacla gurbh iad Hitler agus Eva Braun iad. Níor nocht na Sóivéadaigh an t-eolas seo ach i ndiaidh dheireadh an Chogaidh Fhuair, áfach. Is éard a tharla do chré na lánúine sin ná gur hadhlacadh in athuair í in aice le garastún Sóivéadach i Magdeburg. Sa bhliain 1970, áfach, chinntigh Yuri Andropov, ceannasaí na rúnseirbhíse úd KGB, gur dódh na hiarsmaí arís eile agus gur caitheadh san abhainn iad.