Antairíneam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAntairíneam
Antirrhinum Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdLamiales
FinePlantaginaceae
GéineasAntirrhinum Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Planda gearrshaolach ilbhliantúil, rud beag tomach, a fhásann 80 cm ar airde, dúchasach don Eoraip is ea antairíneam.[1] Na duilleoga íochtaracha urchomhaireach, is na duilleoga uachtaracha ailtéarnach. Na bláthanna go láidir siogamorfach, an feadán le dhá liopa, an ceann íochtarach trímhaothánach, le starr (an carball) a dhúnann an feadán is a dhéanann ardán tuirlingthe do na bumbóga. Is í an bhumbóg an t-aon fheithid atá trom láidir a dhóthain chun na liopaí a oscailt is fáil isteach chun teacht ar an neachtar istigh ann. Sa phlanda fiáin bíonn na bláthanna scothdhearg/corcra, ach bíonn raon dathanna ar na plandaí saothraithe. Fástar é mar mhaisiúchán bliantúil.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Antirrhinum” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Antairíneam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 41.