An Phicnic Leictreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is féile bhliantúil cheoil agus ealaín é An Phicnic Leictreach[1][2][3] ( nó An Phicnic Aibhléise, An Phicnic Aibhléiseach, An Fhleadhóg Leictreach uaireanta ) (Béarla: Electric Picnic ) a bhíonn á chur a stáitse i Halla an tSráidbhaile, An Sráidbhaile, Contae Laoise in Éirinn. Bíonn sé á reáchtáil ag Pod Concerts agus Festival Republic, a cheannaigh an scairsheilbh tromlaigh sa bhliain 2009. Vótáladh mar 'Best Medium-Sized European Festival' sa bhliain 2010 ag European Festival awards é, agus vótáladh mar 'Best Big Festival' i ngach Irish Festival Awards ó tosaíodh ag bronnadh na ngradam sa bhliain 2007.

Tá clú agus cáil dhomhanda ar an bhFleadhóg, dúradh gur leagan Éireannach de Glastonbury a bhí ann comh maith le ionsparáid do Latitude. Chuir an irisleabhar Mheireacánach, Billboard, síos air mar seo a magnificent rock n roll circus, a textbook example of everything a festival should be agus mhaíomh Rolling Stone gurbh é ceann de na féilte ab fhearr a d'fhreastail siad air riamh. Bíonn rogha cheoil níos leithne ag An bhFleadhóg Leictreach agus is éagsúil an fhéile í ó chinn eile in Éirinn dá bharr. Cuirtear níos mó béime ar sheirbhísí agus áiseanna maithe (bia agus socraithe codalta) agus bíonn an t-atmaisféar, go ginearálta, níos séimhe agus dearfaí. Cuirtear béim ar leith ar ghníomhachtaí glasa, freisin.

Bunú is leathnú na féile[athraigh | edit source]

Thosaigh An Fhleadhóg Leictreach mar féile lae sa bhliain 2004 agus an bhliain dár gcionn féile dheireadh seachtaine a bhí inti. Deirtear go bhfuil sé ag dul i bhfeabhas gach bliain agus is gar go mbeidh sé níos mó ná Oxegen - díoladh gach ticéad do fhéile na bliana 2008 níos tapúla ná riamh.

Imeachtaí na féile[athraigh | edit source]

Bíonn i bhfad níos mó ná ceol i gceist leis an bhFleadhóg; puball pictiúrlainne, láthair Corp agus Anam agus Puball Coméide Idirnáisiúnta (bíonn Des Bishop ina fhear tí). Sa bhliain 2008, d'fhreastail Amnesty International ar an bhFleadhóg mar chuid den Chomóradh 60 Bliain ar Chearta Daonna.

Féile na bliana 2012[athraigh | edit source]

I measc na gceoltóirí a bhí le seinm ag an bhféile ná The Cure, The Killers, Elbow, Sigur Rós, Christy Moore, Orbital, Hot Chip, The xx, Wild Beasts, Patti Smith, The Roots, Crystal Castles, Grandaddy, SBTRTK, Mmoths, Metronomy, Bat for Lashes, The Maccabees, The Horrors, Richard Hawley, Azealia Banks, Ed Sheeran, The Jezabels, Michael Kiwanuka, Gavin Friday, Van Dyke Parks, Roots Manuva, Bell X1, Dublin Gospel Choir, Glen Hansard, Grizzly Bear, Willis Earl Beal, Alabama Shakes, Tindersticks, Fatoumata Diawara, Land Lovers, Eagle and the Worm, Solar Bears, Staff Benda Bilili, Little Roy, Lanterns on the Lake, Jonathan Wilson, Baxter Dury, Cranes, Milagres, In Tua Nua, Mo Hat Mo Gheansaí, Conor Linnie agus tuilleadh nach iad.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]