Tindersticks

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tindersticks
Tindersticks -Royal Festival Hall -3 May 2008.jpg
Tindersticks ag an Royal Festival Hall i Londain, 3 Meitheamh 2008
Tír Sasana
Gníomhach 1992 – anois
Seánra(í) ceoil Rac-cheol, Rac malartach
Lipéad/lipéid Island, Beggar's Banquet, srl
Baill Stuart Staples, David Boulter, Neil Fraser
Iar-bhaill Dickon Hinchliffe, Al Macaulay, Mark Colwill
Suíomh gréasáin Tindersticks.co.uk

Is banna rac-cheoil as Nottingham i Sasana é Tindersticks. Is é sainmharcanna an bhanna ná an fuaim atá acu a bhainneann úsáid as an ceolfhoireann, an snagcheol agus ceol soul, chomh maith le guth domhain Stuart A. Staples.

Baineann Tindersticks úsáid as an giotár leictreach, cosúil le an-chuid grúpaí eile, ach chomh maith le sin, baineann siad úsáid as a lán uirlisí eile cosúil leis an pianó Rhodes, an glockenspiel, an vibraphone, an veidhlín, an trumpa, an trombón, an cláirnéid, an basún agus an orgán Hammond. Tá cáil bainte amach ag an banna sa Ríocht Aontaithe agus sa Mhór-Roinn, ach ní raibh tionchar láidir acu riamh ar an cuilithe.

Baill[athraigh | edit source]

  • Stuart Ashton Staples (14 Samhain 1965) – príomh-amhránaí, giotár, melodica
  • Neil Timothy Fraser (22 Samhain 1962) – príomh-ghiotár, vibraphone
  • David Leonard Boulter (27 Feabhra 1965) - méarchláir, maidhmitheach

Iar-bhaill[athraigh | edit source]

  • Dickon James Hinchliffe (9 Iúil 1967) – veidhlín, giotár, amhránaí, piano, socruithe téada agus práis (D’éirigh as 2006)
  • Alasdair Robert De Villeneuve Macaulay (2 Lúnasa 1965) – drumaí, maidhmitheach, trumpa (D’éirigh as 2006)
  • Mark Andrew Colwill, (12 Bealtaine 1960) - dordghiotár (D’éirigh as 2006)

Stair[athraigh | edit source]

Bunaíodh an banna i 1991 tar éis Staples, Boulter, Fraser, Macauley agus Hinchliffe bheith i grúpa cheoil eile – na Asphalt Ribbons. D’aistrigh siad an t-ainm go Tindersticks nuair a d’fhionn Stuart A. Staples bosca lasáin Gearmánach ar trá Gréagach. Thosaigh siad ag taifeadadh demo i 1992, agus fuaireadar conradh le Tippy Toe Records a chuir amach an céad singil, "Patchwork", sa bhliain chéanna.

Le albaim uimhreacha a h-aon agus a dó, bhunaigh an banna fuaim ann féin a mholadh go ginearálta ag na criticeoirí. Go h-áirithe, fuaireadar fáiltiú go leith agus iad ag seinnt beo le téada breise agus, ó am go h-am, le ceolfhoireann iomlán (Mar shampla, an albam beo "Bloomsbury Theatre 12.3.95").

Dhein Staples ceol aonair i 2005 agus ceapadh go raibh deireadh le Tindersticks ach, i 2006, sheinn siad ceolchoirm amháin sa Barbican Centre i Londain. An uair sin, sheinn siad an dara albam ina h-iomláine.

An bhliain ina dhiaidh sin, tháinig Staples, Boulter agus Fraser le chéile agus chaith siad tréimhse ag scríobh ceol i stiúideo i Limousin san Fhrainc. Tháinig albam eile as an seisiún sin – “The Hungry Saw” – le dáta scaoilte i Aibreán 2008 ag Beggars Banquet.

Fuaimriain[athraigh | edit source]

Chomh maith le seacht albaim stiúideo, tá dhá fuaimriain léirithe ag Tindersticks do scannáin dírithe ag an stiúrthóir Francach, Claire Denis – “Nenette et Boni” (1996) agus “Trouble Every Day” (2001 le Vincent Gallo agus Béatrice Dalle).

Saothar[athraigh | edit source]

Ceirníní singile[athraigh | edit source]

  • "Patchwork" (Tippy Toe, 1992)
  • "Marbles" (Tippy Toe/Che, 1993)
  • "A Marriage Made in Heaven" (Rough Trade Singles Club, 1993)
  • "Unwired E.P." (Domino, 1993)
  • "City Sickness" (This Way Up, 1993)
  • "Marbles" (No.6 Records, 1993)
  • "We Have All the Time in the World" (Clawfist Singles Club, 1993)
  • "Live in Berlin" (Tippy Toe/This Way Up, 1993)
  • "Kathleen" (This Way Up, 1994)
  • "No More Affairs" (This Way Up, 1995)
  • "Plus De Liaisons" (This Way Up, 1995)
  • "The Smooth Sounds of Tindersticks" (Sub Pop, 1995)
  • "Travelling Light" (This Way Up, 1995)
  • "Bathtime" (This Way Up, 1997)
  • "Rented Rooms" (This Way Up, 1997)
  • "Can We Start Again" (Island 1999)
  • "What is a Man" (Beggar's Banquet, 2000)
  • "Trouble Every Day (Promo)" (Beggar's Banquet, 2001)
  • "Don't Even Go There E.P." (Beggar's Banquet, 2003)
  • "Trojan Horse" (Tippy Toe, 2003)
  • "Sometimes it Hurts" (Beggar's Banquet, 2003)
  • "My Oblivion" (Beggar's Banquet, 2003)

Albaim Stiúideo[athraigh | edit source]

  • Tindersticks (“an chéad albam”) (This Way Up, 1993)
  • Tindersticks (“an dara albam”) (This Way Up, 1995)
  • Curtains (This Way Up, 1997)
  • Simple Pleasure (Island, 1999)
  • Can Our Love... (Beggar's Banquet, 2001)
  • Waiting for the Moon (Beggar's Banquet, 2003)
  • The Hungry Saw (Beggar's Banquet, 2008)

Albaim eile[athraigh | edit source]

  • Amsterdam February 94 (This Way Up, 1994)
  • The Bloomsbury Theatre 12.3.95 (This Way Up, 1995)
  • Marks Moods (Polygram, 1997)
  • Donkeys 92-97 (This Way Up/Island, 1998)
  • Live at the Botanique – 9th-12th May, 2001 (Tippy Toe, 2001)
  • Coliseu dos Recreios de Lisboa – October 30th, 2001 (Tippy Toe, 2003)
  • Working for the Man (Island, 2004)
  • BBC Sessions (Island, 2007)
  • Live at Glasgow City Halls 5th October 2008 (Lucky Dog, tour only release, 2008)

Fuaimriain[athraigh | edit source]

  • Nénette et Boni (This Way Up/Island, 1996)
  • Trouble Every Day (Beggar's Banquet, 2001)

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Eolas tógtha ón leagan Béarla den Vicipéid.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]