Glen Hansard
| Glen Hansard | |
| Glen Hansard sa bhliain 2005 | |
| Rugadh | 21 Aibreán, 1970 |
| Baile Átha Cliath | |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Lipéad/lipéid | Plateau Records Overcoat Recordings Island Records |
| Gaolta le | The Frames, The Swell Season |
| Suíomh gréasáin | Suíomh Oifigiúil (theframes.ie) |
Is é Glen Hansard (rugadh i mBaile Átha Cliath, 21 Aibreán 1970) an príomhamhránaí agus giotáraí leis an mbanna rac-ceoil Éireannach The Frames. Tháinig clú agus cáil air tar éis dó páirt a ghlacadh sa scannán Alain Parker The Commitments. Ghlac sé páirt an tseinnteora giotáir Outspan Foster. Bhí aiféala air gur ghlac sé leis an bpáirt seo i ndiaidh an scannáin mar thóg sí aird óna shlí bheatha mar cheoltóir, dar leis. Sa bhliain 2003 bhí sé mar láithreoir ar chlár RTÉ Other Voices: Songs from a Room, taispeántas den tallann ceoil neamhspleách atá le fáil in Éirinn. Sa bhliain 2006 seoladh dlúthdhiosca darbh ainm The Swell Season, ceirnín a rinne Hansard leis an gceoltóir Seiceach Markéta Irglová.
Sa bhliain 2007 tháinig an scannán Once amach le Hansard agus Irová mar phríomhcharactair ann. Ba é John Carney, iar-sheinnteoir doird-ghiotár le the Frames, a bhí mar stiúrthóir ar an scannán.
Naisc sheachtracha [athraigh]
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Glen Hansard |
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.