An Ghainséis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Abhainn i ndeisceart na hÁise is ea an Ghainséisan Ganges. Is í an abhainn is mó i bhfo-ilchríoch na hIndia í.

Tá sí 2510km ar fhad. Tá an fhoinse le fáil in iarthar na Himiléithe i stát Uttarakhand agus sníonn sí go deilt Sunderbans i mBá Bheangá. Dar leis na Hiondúigh, is bandia í an Ghainséis, an abhainn is naofa dá bhfuil ann. Tá sí tábhachtach ó thaobh na staire de freisin agus tógadh príomhchathracha cúigí agus impireachtaí amhail Patliputra, Kannauj, Kara, Allahabad, Murshidabad agus Calcutta) cois Ganges.

Is í an Ghainséis "abhainn náisiúnta" na hIndia.[1] Sa bhliain 1946 labhair Jawaharlal Nehru faoi mhíniú siombalach na habhann in Discovery of India,

The Ganges, above all is the river of India, which has held India's heart captive and drawn uncounted millions to her banks since the dawn of history. The story of the Ganges, from her source to the sea, from old times to new, is the story of India's civilization and culture, of the rise and fall of empires, of great and proud cities, of adventures of man…

Tagairtí[athraigh | edit source]