Amélie Veille
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 8 Meán Fómhair 1981 42 bliana d'aois Saint-Georges, Quebec |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí |
Tréimhse oibre | 2003 – |
Seánra | Ceol tíre |
Teangacha | An Fhraincis |
Uirlis | Ceol gutha |
Amhránaí agus cumadóir Fraincise is ea Amélie Veille (arb é a fíorainm Amélie Veilleux). Rugadh í ar an 8 Meán Fómhair 1981 in Saint-Georges de Beauce in Québec.
Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]
In 2001, tar éis di staidéar tríú leibhéil a dhéanamh, shocraigh sí ar dhul i mbun amhránaíochta agus ar amhráin a scríobh. Bhí sí páirteach ina lán comórtas ceoil in Québec agus ghnóthaigh cúpla duais (ag Tremplin de Dégelis agus ag féile na n-amhrán in Saint-Ambroise). Tháinig sí chun tosaigh mar amhránaí os comhair an phobail.
I nDeireadh Fómhair 2003 tháinig a céad albam amach, ceann a moladh le haghaidh duaise ag Gala ADISQ (Association québécoise de l'industrie du disque, du spectacle et de la video) san earnáil “Albam Comhaimseartha Folk na Bliana”. I 2004 ghnóthaigh sí duais an bhan-amhránaí agus an bhan-chumadóra ab fhearr ag féile Pully Lavaux san Eilvéis. Tá neart ceolchoirmeacha déanta aici in Québec agus tá sí ina ball den ghrúpa “Toutes les filles” a bhunaigh Catherine Durand.
Tá an-suim aici i gcúrsaí cultúir agus litríochta. Bíonn saotharlanna scríbhneoireacha ar siúl aici agus tá tuairisc déanta aici ar ghnóthaí litríochta ar an raidió agus ar an teilifís. Is mór is cás léi bacadh an fhéinmharaithe.
In 2012 chuir Amélie Veille a tríú halbam amach, ceann dar teideal Mon cœur pour te garder. In 2013 moladh an t-amhrán “Mon coeur pour te garder” ag Gala ADISQ mar an t-amhrán ba mhó éileamh den bhliain.[1].
Le cloisteáil[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-14. Dáta rochtana: 2015-07-18.
Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 2003 : Amélie Veille (Disques Passeport)
- 2006 : Un moment ma folie (Disques Vivamusik)
- 2012 : Mon cœur pour te garder (Artic)