Alan Ó Brógáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Alan Ó Brógáin
Dublinnewcrest.png
Eolas pearsanta
Spórt Peil Ghaelach
Ainm Béarla Alan Brogan
Dáta breithe
Dáta báis
Áit bhreithe Baile Átha Cliath
Airde
Leasainm Brogi
Eolas club
Club
Ionad
Club(anna)
Club Bliain Cluichí (pointí)
Naomh Oilibhéar Pluincéad/Eoghan Ruadh
Idirchontae
Contae Áth Cliath
Ionad [[]]
Torthaí
Contae Bliain Cluichí (pointí)
Áth Cliath ? - ?
Duaiseanna
Craobh Laighean 5
Craobh Peil Sinsearach na hÉireann 0
Sárimreoirí 2

Is peileadóir Ghaelach ó Bhaile Átha Cliath é Alan Ó Brógáin (Alan Brogan sa Bhéarla). Imríonn sé le haghaidh Baile Átha Cliath agus Naomh Oilibhéar Pluincéad/Eoghan Ruadh. Is mac é le laoch peile Bhaile Átha Cliath Bernard Brogan Sinsir agus is deartháir é le Bernard Brogan Sóisear agus Paul Brogan. Roghnaíodh é mar chaptaen Baile Átha Cliath don shéasúr 2008 in áit iar-chaptaen na foirne 'Collie Moran'.

D'imir Ó Brógáin ar son na tíre (Éire), a Chúige (Laighean) agus a Chontae (Baile Átha Cliath).

Bhí Brogan ar fhoireann Bhaile Átha Cliath nuair a bhain siad Craobh Laighean i 2002, 2005, 2006, 2007, 2008 agus i 2009 mar chaptaen. bhain sé Craobh na hÉireann agus Craobh Laighean leis an bhfoireann faoi 21 i 2003. Scoráil Brogan 9 bpointe ar son na hÉireann nuair a bhain siad in éadan na hAstráile i 2004.

2006[athraigh | edit source]

Fuair sé 1-8 le haghaidh Baile Átha Cliath sa léag i 2006, cé go raibh sé in easnaimh de dheasca cárta dearg a fháil in éadán Tír Eoghain. Cuireadh cosc imeartha air ar feadh ocht seachtaine faoi choimirce rial 140 an CLG ach cuireadh deireadh leis an gcosc sin de bharr 'teicniúlacht.' Bhí Ó Brógáin ar fhoireann Bhaile Átha Cliath i gCraobh Sinsear Uile-Éireann Peile 2006 agus bhain sé bonn óir i gCraobh Laighean i 2006. Ainmníodh Alan ar fhoireann GPA na bliana agus bronnadh 'allstar' air i 2006. Tá Alan ag imirt ar son na hÉireann i mbliana in éadan na hAstráile, agus scoráil sé ceithre phointí sa chéad chluiche. Bhí Éire chun tosaigh le hocht bpointe tar éis an chéid chluiche. Críochnaigh an cluiche in éadan na hAstráile leis an scór 48 - 40. Scóráil Alan 2 'overs' sa dara chluiche in éadan na hAstráile agus chaill foireann na hÉireann an 'series' 79 - 109. Bhain foireann peile Alan, CLG Eoghan Ruadh sraith a 2 de léag Bhaile Átha Cliath agus ciallaíonn sé sin go mbeidh Ó Brógáin ag imirt i sraith a haon i 2007. Roghnaíodh Alan i bhfoireann peile na réalta gorma le haghaidh 2006.

Rudaí Fánacha[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]