Bernard Brogan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBernard Brogan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith3 Aibreán 1984
39 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
UrraitheoirRed Bull GmbH Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairBernard Brogan
SiblínAlan Ó Brógáin agus Paul Brogan
Gradam a fuarthas

Twitter: bernardbrogan Cuir in eagar ar Wikidata

Imreoir peile is ea Bernard Brogan. As Baile Átha Cliath dó, agus imríonn sé le foireann a chontae. Is tosaí é agus imríonn sé leis an gclub Naomh Oilibhéar Pluincéad/Eoghan Ruadh. Is deartháir é le Alan Brogan agus Paul Brogan. Is mac é le iarimreoir Bhaile Átha Cliath Bernard Brogan a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1977 (all star) agus 1978 agus is nia é le Jim Brogan a d'imir le Baile Átha Cliath agus a bhí mar roghnaitheoir nuair a bhuaigh Baile Átha Cliath Craobh na hÉireann i 1995 in éadan Thír Eoghain.

Idir-chontae[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh Bernard Crobh Laighean le Baile Átha Cliath i 2007 agus 2008. Bronnadh All-Star air i 2010 don sár-iarracht a rinne sé sna lán-tosaithe.[1] Bronnadh an gradam, imreoir na bliana 2010 ar Bernard Brogan ag bronnadh na nduaiseanna all star i City West i mBaile Átha Cliath.[2] Níor bhuaigh imreoir as Baile Átha Cliath an gradam seo riamh roimhe seo. Bhuaigh a deartháir Alan dhá All Star roimhe seo agus a dhaid All-Star i 1979.

Idirnáisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'imir Bernard ar son na hÉireann don chéad uair ar an 23 Deireadh Fómhair i bPáirc na nGael i Luimneach. Chríochnaigh an chéad teist leis an scór 40 (1-8-10) - 47 (0-14-5) in éadan na hAstráile agus scóráil Brogan (1-1-0).[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]