Ailton Krenak

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAilton Krenak

(2010) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(pt) Ailton Alves Krenak Lacerda
29 Meán Fómhair 1953
70 bliana d'aois
Itabirinha de Mantena, An Bhrasaíl (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachCrenaques (en) Aistrigh agus na Meiriceánaigh Bhundúchasacha
Scoil a d'fhreastail sé/síFederal University of Juiz de Fora (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreGníomhaíocht liteartha, comhshaolachas, fealsúnacht, scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, litríocht neamhfhicsin agus filíocht
Gairmgníomhaí, file, iriseoir, scríbhneoir, fealsamh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Phortaingéilis
Gradam a fuarthas

Is scríbhneoir, fealsamh agus gníomhaí pobail é Ailton Krenak as an Bhrasaíl (a rugadh ar 29 Meán Fómhair 1954 i Minas Gerais), an chéad bhundúchasach riamh a toghadh ina bhall d’Acadamh Brasaíleach na Litríochta.[1]

Is ball é Ailton Krenak den phobal bundúchasach Krenak. Ceann de na smaointe atá ag Krenak ná ardán a fhorbairt ar a mbeadh pobail bhundúchasacha na tíre in ann a scéalta féin a insint ina dteangacha éagsúla féin.

Tá cáil ar Krenak sa Bhrasaíl agus thar lear mar scríbhneoir. Ach is mar scéalaí is mó a bhreathnaíonn sé air féin, oidhre beo ar thraidisiún béil a phobail.

agallamh sa bhliain 2020
Krenak sa bhliain 2017

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aistríodh saothar Krenak go 13 teanga. Tá a leabhar Ideias para adiar o fim do mundo (‘Moltaí chun deireadh an domhain a chur ar athlá’) ar fáil i mBéarla faoin teideal Ideas to Postpone the End of the World (2019). Tá dhá leabhar eile dá chuid ar fáil i mBéarla freisin: Life is not Useful (2020) agus Future Ancestor (2022).

Ceann de na téamaí lárnacha i scríbhneoireacht Ailton Krenak ná an smaoineamh gurb é an scaradh saorga a chuir an aigne iartharach i bhfeidhm idir homo sapiens agus an chuid eile den domhan bunchúis ghéarchéim na haeráide agus gach fadhb thimpeallachta eile. Mar shampla, ina leabhar Ideias para adiar o fim do mundo, molann Krenak an teachtaireacht, 'ní dhéanfadh an duine creach ar shliabh dá dtuigfeadh sé gur neach beo atá sa sliabh, ná ní chaithfeadh sé dramhaíl mhianadóireachta in abhainn dá dtuigfeadh sé gur gaol dúinn í'.[1] (Ar bhruacha an Rio Doce, an abhainn is truaillithe i Meiriceá Theas, a rugadh Ailton Krenak).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Alex Hijmans (12 Deireadh Fómhair 2023). "TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Scríbhneoir bundúchasach ina bhall de mhóreagraíocht liteartha den chéad uair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-15.