Acht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAcht Féiniúlachta agus Teanga 2022
CineálPublic General Act of the Parliament of the United Kingdom (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Fógairt6 Nollaig 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe2022 Cuir in eagar ar Wikidata


Daoine in an Gaeilge a labhairt, daonáireamh 2011

Ar 6 Nollaig 2022, tugadh Aontú an Rí don Acht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022 (Béarla: Identity and Language (Northern Ireland) Act 2022).[1]

Reachtaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugann an tAcht stádas oifigiúil sa dlí don Ghaeilge agus don Ultais, chomh maith le beirt Choimisinéirí, duine don Ghaeilge agus duine don Ultais, agus oifig cultúir agus féiniúlachta.[2] Is é an ról atá ag an gCoimisinéir Teanga ná an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn i measc na n-eagras poiblí. Déanann an coimisinéir monatóireacht ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán agus déanann sé nó sí gearáin a fhiosrú.[3]

Cuireann an reachtaíocht ar ceal Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737, dlí a achtaíodh sa bhliain 1737 agus a chuir cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Síníodh Comhaontú Chill Rímhinn i mí Dheireadh Fómhair 2006.[4] Gheall Rialtas na Breataine in Aguisín B go mbeadh Acht Teanga Ghaeilge ann:

"‘agus go oibreoidh sé i gcomhar leis an Fheidhmeannas atá le teacht le forbairt na Gaeilge a mhéadú agus a chosaint."

Bhí lucht feachtais ag troid le fada an lá ar son na reachtaíochta teanga.

Ritheadh an Bille in Westminster faoi dheireadh sa bhliain 2022 mar gur theip ar thionól Stormont an beart a dhéanamh.[3]

Céimeanna eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meitheamh - Iúil 2022: Lords concludes scrutiny of bill.[5]

6 Nollaig 2022: Beannacht an Rí[2]

Meitheamh 2023: Fógraíodh i dTeach na dTiarnaí go raibh tús curtha leis an bpróiseas rialacháin a mbeidh Acht Gaeilge sa Tuaisceart mar thoradh air.[6][7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 legislation.gov.uk. ""An Act to make provision about national and cultural identity and language in Northern Ireland."".
  2. 2.0 2.1 "‘Beannacht an Rí’ faighte ag reachtaíocht don Ghaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-12-06). Dáta rochtana: 2023-06-06.
  3. 3.0 3.1 Pádraic Ó Ciardha (26 Deireadh Fómhair 2022). "‘Lá stairiúil, lá sonais’ – reachtaíocht teanga nua don Tuaisceart rite in Westminster" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-06.
  4. dfa.ie (2006). "St Andrews agreement". Dáta rochtana: 2019.
  5. arliament.uk (14 Iúil 2022). "Lords concludes scrutiny of Bill". Dáta rochtana: 2023.
  6. Nuacht RTÉ (2023-06-06). "Tús le próiseas a mbeidh Acht Gaeilge ó thuaidh mar thoradh air" (as ga-IE). 
  7. Rebecca Black PA (2023-06-06). "Appointment of language commissioners for Irish and Ulster-Scots moves closer" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2023-06-06.