Árgailí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Caora fhiáin ó imeall Ghaineamhlach Ghóibí. An chaora is mó dá bhfuil beo anois, na guaillí suas le 1.2 m ar airde. Donn éadrom le geadán bán. Na hadharca móra corntha ar dha thaobh an chinn.