Jump to content

Ó Cualann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachÓ Cualann
(ga) Ó Cualann Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálSliabh Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie113192 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Chill Mhantáin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 09′ 18″ N, 6° 09′ 00″ O / 53.155°N,6.15°W / 53.155; -6.15
SliabhraonSléibhte Chill Mhantáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige501 m Cuir in eagar ar Wikidata
Starraiceacht thopagrafach216 m Cuir in eagar ar Wikidata

Ag 501 m (1,644 tr) tá Ó Cualann[1] an 404ú sliabh is airde in Éireann ar an scála Arderin,[2]​ áfach toisc go bhfuil sé faoi 600 m ní thugtar san áireamh é ar scála Vandeleur-LynamHewitt.[3][4] Tá an sliabh sa chuid is faide soir ó thuaidh de Shléibhte Chill Mhantáin, in Éirinn, agus féachann sé thar shráidbhaile Chill Mocheanóg.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féachann an Great Sugar Loaf ar shráidbhailte Chill Mocheanóg agus Deilgne, agus é díreach ó thuaidh ó Ghleann Dá Ghrua . Suíonn an sliabh amach ó na príomh beanna in aice láimhe de Shléibhte Chill Mhantáin, mar Mhálainn 570 m (1,870 tr) agus Dioghais 725 m (2,379 tr), agus bíonn bóithre timpeall air ar gach taobh.[5]

Is minic a mhearbhalltar idir dhá ghualainn bheag thuaidh agus theas Ó Cualann mar an Giolaspar, ach luíonn an sliabh seo soir ar an taobh eile de mhótarbhealach bóthair an N11 ag Cill Mocheanóg . [5]

Cé nach bhfuil ach 501m (1,644 tr) agus é ingearchló, tugann scoiteacht an Bhuilín Mór ó Chnoic eile feiceálacht mhór comhréireach de 216 (709 tr) dó., agus cháilíonn sé mar Marilyn.[6] Ina theannta sin, cuireann na fánaí géara agus cuma bholcánach an Great Sugar Loaf le sainiúlacht a phróifíle.[5]

Tá Ó Cualann comhdhéanta de bhuncharraig grianchlochít ón Tréimhse Chambrianach (ar a dtugtar Foirmíocht Cheann Bhré ), i gcodarsnacht le sléibhte cruinne Chill Mhantáin ar an taobh thiar, atá déanta den chuid is mó d’ eibhear ón Ré Deavónach. Ceaptar go coitianta gur bolcán díomhaoin é Ó Cualann freisin, ach ina ionad sin is sil-leagan dríodraithe meiteamorfaithe ón domhainfharraige atá in aghaidh an chreimthe.[7][8] Tá Grianchlochít Chambrianach meiteamorfaithe ó ghaineamhchloch ag bun na n-aigéan domhain thar a bheith frithsheasmhach don síonchaitheamh. [7]

Bhí gleann Chill Mocheanóg, a bhfuil an Great Sugar Loaf ag breathnú air, mar chuid de bhealach réigiúnach draenála leá-uisce fo-oighreachta thuaidh-theas a chuimsigh an Scalp (ó thuaidh) agus Gleann Dá Ghrua (soir theas).[7]

Cnocadóireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn an-tóir ag siúlóirí cnoic ar Ó Cualann mar gheall ar a chóngareacht do Bhaile Átha Cliath, rochtain ó mhótarbhealach an N11, agus cosáin measartha caite nach dteastaíonn buataisí fánaíochta iomlána ná scileanna loingseoireachta.[5]

Is ón deisceart an bealach is éasca, ag tosú ó charrchlós mór seanbhunaithe (O235119) atá suite amach ó lár bhóthar an Lána Dheirg (ar a dtugtar freisin an bóthar L1031) a ritheann feadh theorainn theas an tsléibhe; tá an carrchlós cheana féin ag airde circa 290 m (950 tr), agus mar sin níl an t-ingearchló iomlán dreapadóireachta riachtanach ach 210 m (690 tr). Tógann an bealach 3.5 ciliméadar ón gcarrchlós go dtí an mullach agus ar ais idir 1-1.5 uair an chloig, agus folaíonn sé siúlóid thar chosáin móinteach cothrom agus san deireadh ag dul suas trí roinnt lintéar creagach. [5]

Is féidir bealach níos faide a dhéanamh ón taobh thoir, ag tosú ó níos ísle síos ag carrchlós CLG Chill Mocheanóg (O233141); Tógann an bealach 5 chiliméadar seo ón gcarrchlós go dtí an mullach agus ar ais 2-2.5 uair an chloig, agus is ar chosáin mhóinteach den chuid is mó é le roinnt codanna de sceallach agus gairbhéal.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Paul Tempan (February 2012). “Irish Hill and Mountain Names”. MountainViews.ie.
  2. Simon Stewart (October 2018). “Arderins: Irish mountains of 500+m with a prominence of 30m”. MountainViews Online Database.
  3. Simon Stewart (October 2018). “Vandeleur-Lynams: Irish mountains of 600+m with a prominence of 15m”. MountainViews Online Database.
  4. Mountainviews, (September 2013), "A Guide to Ireland's Mountain Summits: The Vandeleur-Lynams & the Arderins", Collins Books, Cork, ISBN 978-1-84889-164-7
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 Fairbairn (2014). "Ireland's Best Walks: A Walking Guide". Collins Press. ISBN 978-1848892118. “Route 57: Great Sugar Loaf”  Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "helen.best" defined multiple times with different content
  6. Chris Cocker (2018). “The Database of British and Irish Hills”. Database of British and Irish Hills.
  7. 7.0 7.1 7.2 Sile Daly (May 2016). “The Great Sugar Loaf: Geological Context”. Irish Mountaineering Club. Dáta rochtana: 11 July 2019. “Popularly mistaken for a volcano, its metamorphism has rendered the rock extremely erosion-resistant and the mountain owes its shape to the weathering characteristics of quartzite.”Sile Daly (May 2016). "The Great Sugar Loaf: Geological Context" (PDF). Irish Mountaineering Club. Retrieved 11 July 2019. Popularly mistaken for a volcano, its metamorphism has rendered the rock extremely erosion-resistant and the mountain owes its shape to the weathering characteristics of quartzite. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "imc" defined multiple times with different content
  8. Michael Viney (1 November 1997). “Moving Mountains”. Dáta rochtana: 11 July 2019. “The peak of the Great Sugar Loaf was never a volcano, but started life as sand on the ocean floor.”

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]