Éirí Amach Eureka
| ||||
Cineál | éirí amach idé-eolaíocht pholaitiúil | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Victorian gold rush (en) , Anti-Gold Licence Association (en) agus Ballarat Reform League (en) | |||
Dáta na bliana | 3 Nollaig 1854 | |||
Suíomh | Eureka, Victoria (en) Ballarat Thoir, Victoria , Victoria, Astráil | |||
Tír | an Astráil | |||
Rannpháirtí | ||||
Ar an 3 Nollaig 1854, tharla Éirí Amach Eureka san Astráil.[1] D'éirigh mianadóirí amach ag Eureka Stockade, Ballarat, Victoria. Tharla an t-éirí amach (an t-aon éirí amach armtha i stair na tíre) ag Síog Mhiandóireachta Eureka mar agóid i gcoinne chostas ard na gceadúnas mianadóireachta.[2]
Áirítear Eureka Stockade mar eachtra thábhachtach i bhforbairt an daonlathais san Astráil.
Bhí na hÉireannaigh chun tosaigh in achrann Eureka toisc an oiread sin díobh a bheith ag obair ar an tsíog a bhí ann, agus iadsan is mó a bhí sa bhábhún nuair a d'ionsaigh na húdaráis é.[3]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ruathar óir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thugtaí "Cathair an Óir" ar Bhallarat i rith caogaidí an 19ú haois.[4] Tháinig borradh suntasach faoin gcathair Ballarat de bharr an óir a fuarthas ann sa 19ú haois. Thángthas ar ór ag Fód na hAinnise (Poverty Point, a dtugtar Golden Point anois air) ar 18-25 Lúnasa 1851, agus ba ghearr go bhfuair siad amach gur cheantar glárach é arbh fhurasta ór a bhaint as.
Tharraing an scéal na mílte as gach cearn agus a lán Éireannach san áireamh. I gceann bliana bhí baile mór san áit a mbíodh crainn agus caoirigh.[5] Tógadh an chéad mhuileann stampála san Astráil ann sa bhliain 1854.
Ar 18-25 Lúnasa 1851 tháinig John Dunlop agus James Regan cúpla unsa óir ag Fód na hAinnise. Ba leor sin chun na sluaite a tharraingt ar an áit. Is iomaí mianach glárach agus mianach domhain a bhí le fáil sa limistéar, agus bhí fir ann as gach cearn, in éineacht le mná agus páistí.
Bhí a lán Éireannach ann agus Gaeilge ag cuid mhór acu. Bhí daoine de gach aicme ann, ach ba iad na fir a bhí cleachtach le sclábhaíocht na fir ab oiriúnaí chun na hoibre.
Rinne William Urquhart suirbhéireacht ar an gceantar i Mí Dheireadh Fómhair 1851.[6] Faoin mbliain 1852 bhí plean eangaí curtha ar fáil aige do Bhallarat Thiar, baile nua, agus sráideanna leathana ann.[7] Ba mhór idir sin agus Ballarat Thoir, an áit ba thúisce ar chuir daoine fúthu ann agus í lán de shráideanna cúnga fánacha, de loganna agus de phubaill.[8]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoin mbliain 1854 bhí breis is 25,000 mianadóir i mBallarat. B’as Éirinn cuid mhaith acu ach bhí daoine ann freisin as an tSín, as na Stáit Aontaithe, as Sasana agus tíortha ar fud an domhain. Bhí siad ag clamhsán go géar faoi na ceadúnais mhianadóireachta agus faoin gcaimiléireacht a bhain leo. Bhí siad míshásta freisin nach raibh aon ionadaíocht acu i bParlaimint Victoria.[9] Bhíodh na mianadóirí á gciapadh ag na húdaráis maidir le ceadúnais mhianadóireachta, rud a raibh praghas ard air. I nDeireadh Fómhair, bhí údar eile clamhsáin acu nuair a dúnmharaíodh duine de na mianadóirí agus ligeadh saor an tábhairneoir a rinne an dúnmharú. Cuireadh a theach tábhairne trí thine agus ba ar éigean a thug an fear tábhairne na cosa leis. Ar an gcúis seo agus ar chúiseanna eile, chruinnigh cuid de na mianadóirí le chéile faoi cheannas Peter Lalor,[10][11] Éireannach, agus thóg siad bábhún.
Lean an agóid gan toradh go dtí tús mhí na Nollag nuair a dhóigh na mianadóirí a gcuid ceadúnas. Thóg siad fál cosanta le hadhmad agus cairteanna agus thug siad dúshlán an stáit. Toghadh Peter Lalor as Laois, deartháir le James Fintan Lalor, mar cheannaire agus Rafaello Carboni as an Iodáil mar leascheannaire. “Vinegar Hill” an pasfhocal a bhí acu. Rinneadh bratach nua a dhearadh lena neamhspleáchas a chur in iúl - Cros an Deiscirt ar chúlra gorm gan aon rian de bhratach na Breataine.
Ba ghearr gur thug na húdaráis a bhfreagra. Ag a trí ar maidin, Dé Domhnaigh an 3 Nollaig 1854, thug fórsa míleata ruathar faoin bhfál, nuair a bhí formhór na mianadóirí as láthair ag a gcampaí féin. Tuairim is 30 nóiméad a mhair an scliúchas. Bhí Éireannaigh ag troid ar an dá thaobh..
Faoina dheireadh bhí 22 mianadóir marbh agus seisear saighdiúirí. Gabhadh na scórtha mianadóir.
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a cuireadh cúirt as tréas 13 mianadóir in Melbourne, scaoil an giúiré saor iad.[12]
D'éirigh le Lalor éalú, cé gur chaill sé lámh. Toghadh é ina theachta parlaiminte ina dhiaidh sin.
Eachtra í arb í siombail an daonlathais san Astráil í ó shin i leith, agus tá bratach na hócáide ar caomhnú fós. Cé gur cuireadh an réabhlóid faoi chois go héasca, measann roinnt mhaith daoine gurbh é Eureka bunús an daonlathais san Astráil. Baineadh amach cuid de na haidhmeanna a bhí ag na mianadóirí go gairid ina dhiaidh sin, ina measc leasú ar chóras na gceadúnas agus ionadaíocht parlaiminte.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ An tUltach (Samhain 2017). " Éirí Amach na mianadóirí".
- ↑ "Eureka Stockade | Overview & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2020-12-03.
- ↑ Ian Turner. "Lalor, Peter (1827–1889)". Australian Dictionary of Biography. Canberra: National Centre of Biography, Australian National University.
- ↑ Perkin, Corrie: 'Golden city of Ballarat comes into the picture,' The Australian, 1 September 2009: [http://www.theaustralian.com.au/news/arts/golden-city-of-ballarat-comes-into-the-picture/story-e6frg8n6-1225768084821
- ↑ Féach Bates, 1978.
- ↑ James, Ken. The surveying career of William Swan Urquhart, 1845–1864: http://www.prov.vic.gov.au/provenance/no8/SurveyingCareer1.asp%7Cwork=Public[nasc briste go buan] Record Office Victoria
- ↑ Jacobs, Wendy. Ballarat: A Guide to Buildings and Areas 1851–1940. Jacob Lewis Vines Conservation Architects and Planners (1981), lch 11.
- ↑ Premier Postal History: Post Office List: https://www.premierpostal.com/cgi-bin/wsProd.sh/Viewpocdwrapper.p?SortBy=VIC&country=
- ↑ Dáithí Ó Colchúin. "Comóradh ar Vinegar Hill agus Eureka Stockade" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-12-03.
- ↑ Peter Lalor, deartháir níos óige de 16 bliana an Éireannaigh Óig, James Fintan Lalor nó Séamas Fionntán Ó Leathlobhair (1807-1849)
- ↑ "Peter Lalor | Australian politician" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2020-12-03.
- ↑ "Eureka on trial | PROV". prov.vic.gov.au. Dáta rochtana: 2020-12-03.
Is síol a bhaineann leis an Astráil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |