Áth Dara
Áth Dara | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | ||||
Contae in Éirinn | Contae Luimnigh | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 982 (2006) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Airde | 5 m | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 061 | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 30472 | ||||
Suíomh gréasáin | adarevillage.com |
Is baile é Áth Dara[1] (Adare as Béarla) atá i lár Chontae Luimnigh, agus timpeall 2,592 duine (2006) ina gcónaí ann. Tá Áth Dara sé chiliméadar déag ó Luimneach, agus téann an bóthar N21 tríd an mbaile go dtí Ciarraí.
Eolas ginearálta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is baile oidhreachta é Áth Dara agus tarraingt turasóirí air. Tá ionad oidhreachta sa bhaile agus cúpla siopa ceardaíocht, agus is minic tairbhe á bhaint as an mbaile le haghaidh bainiseacha.
Tá trí óstán, cúig bhialann agus sé theach tábhairne ann.
Tá tithe den seansaghas Gaelach le fáil sa tsráid mhór, in éineacht le tithe a bhfuil cuma Shasanach orthu agus a tógadh d'aonghnó d'eastát Dunraven. Tá botháin cheann tuí le feiceáil ina measc siúd agus iad in aice Mhainéar Átha Dara.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an seanbhaile le fáil ar bhruach oirthearach na Má láimh le háth i gceantar Ard an tSeanBhaile, timpeall leathmhíle slí siar ón mbaile atá anois ann. Baile margaidh a bhí ann, agus trí mhainistir agus caisleán ann.
Mainistir na nAgaistíneach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh Seán mhic Thomáis Mac Gearailt, an chéad Iarla Átha Dara, Mainistir na nAgaistíneach sa bhliain 1316. Scoireadh an manaigh le linn Éinrí VIII. Sa bhliain 1807 tugadh teampall na Mainistreach do lucht Eaglais na hÉireann. Sa bhliain 1814 rinneadh scoil den phroinnteach. Idir na blianta 1852 agus 1854 rinne Caroline, Cuntaois Dunraven, athchóiriú ar an teampall.
Mainistir na bProinsiasach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh Tomás Mac Gearailt, 7ú hIarla Chill Dara, agus a bhean Siobhán Mainistir na bProinsiasach sa bhliain 1464. Fothrach anois í agus í le fáil taobh istigh de Chlub Gailf Mhainéar Átha Dara. Léitear aifreann go moch ar Dhomhnach na Cásca.
An Mhainistir Thríonóideach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh an tOrd Tríonóideach an t-aon mhainistir Éireannach amháin acu in Áth Dara sa bhliain 1230. Chuir an chéad Iarla Dunraven athchóiriú ar an teampall sa bhliain 1811 mar shéipéal paróisteach Caitliceach. .
Caisleán Iarla Dheasumhan
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deirtear gur thóg na Donnabhánaigh, tiarnaí an cheantair i ndeireadh an 12ú haois, gur thóg siad daingean anseo ar bhruach thuaidh d'Abhainn na Máighe. Ghlac Gearaltaigh Chill Dara seilbh ar an áit ina dhiaidh sin, agus b'fhéidir gurb iadsan a thóg an chuid is mó den chaisleán atá anois ann. Tá sé á athchóiriú ón mbliain 1996 i leith agus bíonn turais threoraithe ar siúl sa samhradh.
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá tóir ar iománaíocht, ar pheil agus ar ghalf in Áth Dara, agus bhí Comórtas Gailf na hÉireann ann sa bhliain 2007.
Eolas Suimiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bhuaigh an baile Comortás na mBailte Slachtamhara sa bhliain 1976
- Tháinig Uachtarán na Stáit Aontaithe Bill Clinton go dtí an baile sa bhliain 1996.
- ↑ “Áth Dara/Adare | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.