Fáinne an Chladaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Thomas Dillons / Claddah Ring Museum[1]

Fáinne traidisiúnta na nGael is ea Fáinne an Chladaigh, nó an Fáinne Chladaigh.[2] An cairdeas, an grá, agus an dílseacht na téamaí a shamhlaítear le Fáinne an Chladaigh agus aithnítear mar shiombail don Éireannachas trí chéile é freisin.[3] Is siombail iad an croí, na láimhe agus an coróin a théann i bhfeidhm ar dhaoine, beag beann ar a dteanga, a gcultúr agus difríochtaí ama a dtíortha.

Tháinig an fáinne chun tosaigh sa 17ú haois sa Chladach, sráidbhaile in aice le cathair na Gaillimhe. Feictear an fáinne timpeall na Gaillimhe inniu go mion minic.

Maítear go mbíonn duine ar lorg grá má tá an fáinne ag féachaint amach ón gcroí agus a mhalairt má tá an fáinne ar an mbealach eile.[4]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá stair shaibhir álainn ag Fáinne an Chladaigh le nasc láidir ar leith leis an sráidbhaile iascaireachta gar do chladach Chuan na Gaillimhe ag deireadh an seachtú haois déag. Tugtar aitheantas do Richard Joyce mar chruthaitheoir an chéad fháinne sa bhliain 1689 nuair a d’fhill sé ón sclábhaíocht ar an Mhuir Chairib go dtí a bhaile dúchais agus d’úsáid sé a chuid oiliúna mar ghabha óir chun an fáinne íocónach a dhéanamh go cleasach.

Tá an fáinne Cladaigh is sine a bhfuil aithne air ann i Músaem Cathrach na Gaillimhe inniu.[5] Baineann sé le c.1700 agus ba é Richard Joyce a rinne é, arbh as ceann de cheithre threibh cheannaíochta na Gaillimhe dó. Is beag fáinne óir ón gCladach ón tréimhse seo atá ann mar gheall ar chúinsí sóisialta agus eacnamaíochta.

Tá an traidisiún ó 1750 láidir i mbundhéantóirí Fháinne an Chladaigh in Thomas Dillons, Sráid na Céibhe, Cathair na Gaillimhe fós.[6] Leis an bpaitinn ríoga a bronnadh orthu, tháinig clú ar na fáinní arís i lár an fichiú haois nuair a bronnadh Fáinne an Chladaigh, i measc seodra eile, ar an mBanphrionsa Grace sa bhliain 1962.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Claddagh Ring Store - Thomas Dillion Galway" (en-GB). Claddagh Ring. Dáta rochtana: 2024-05-03.
  2. i mBéarla, Claddagh ring
  3. NÓS (2021-05-19). "'Fáinne Cladaigh an Bhróid' ar fáil díreach in am do mhí an Bhróid ó dhearthóir Gaeilge" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-05-03.
  4. meoneile.ie (4 Nollaig 2015). "Fáinne Chladaigh < Meon Eile" (ga-IE). www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-05-03.
  5. Músaem Cathrach na Gaillimhe. "Richard Joyce agus an fáinne Cladach is sine ar a dtugtar" (ga-IE). Músaem Cathrach na Gaillimhe. Dáta rochtana: 2024-05-03.
  6. "finger-ring | British Museum" (en). www.britishmuseum.org. Dáta rochtana: 2024-05-03.
  7. Órla Casserly (2024-04-11). "Fáinne an Chladaigh - an sonrúchán stádas caidrimh nua nó an bunsonrúchán stádas caidrimh?" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-05-03.
  8. "Legend of the Claddagh Ring | Museum | Visitor Centre Galway" (en-US). Claddagh Legend. Dáta rochtana: 2024-05-03.