Yu Ming Is Ainm Dom

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinYu Ming Is Ainm Dom
Buneolas
StiúrthóirDaniel O'Hara Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
ScriptDaniel O'Hara Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhÉire Cuir in eagar ar Wikidata
CéadléiriúIúil 2003 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunteangaan Ghaeilge
An Mhandairínis Chaighdeánach
Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
Dathdaite Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Suíomh scéalaíochtaBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt0410939 Cuir in eagar ar Wikidata

Tháinig an gearrscannán íorónta Yu Ming Is Ainm Dom ar an scáileán an chéad uair sa bhliain 2003. Ba é Daniel O'Hara stiúrthóir an scannáin.

Carachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Yu Ming (Daniel Wu) ag obair ina ghiolla siopa sa tSín, agus é tinn tuirseach den obair. Lá amháin, buaileann sé isteach sa leabharlann, agus nuair nach bhfuil an leabharlannaí ann, cuireann sé an chruinneog ag casadh le ceann de na tíortha coimhthíocha a roghnú mar cheann scríbe.

Yu Ming ag gliúcaíocht isteach sa teach tábhairne
Obair leadránach Yu Ming sa tSín

Buaileann a mhéar Éire, agus cinneann sé ar theanga na tíre a fhoghlaim. Léann sé ar leabhar na mapaí gurb í an Ghaeilge an teanga oifigiúil in Éirinn, agus faigheann sé téacsleabhar Gaeilge leis an teanga a fhoghlaim. Feictear ag labhairt Gaeilge lena scáth scáileáin féin é, agus é ag bearradh a fhéasóige.

Ansin, tugann sé a aghaidh ar Bhaile Átha Cliath, agus feicimid an t-eitleán ag tuirlingt ar an aerfort ansin. Ar dtús, tá sé breá sásta na fógraí Gaeilge a fheiceáil ina thimpeall agus é in ann iad a thuiscint. Baineann sé amach lár na cathrach - agus an-áthas air nuair a aithníonn sé an focal An Lár ar an mbus - ach ansin, tosaíonn na deacrachtaí. Téann sé ag lorg leapa agus bricfeasta i dteach lóistín, agus an fáilteoir óg an-chairdiúil leis, ach is é an Béarla an t-aon teanga amháin atá aige, agus ní féidir le Yu Ming bun ná barr a dhéanamh den teanga sin. Ní aithníonn an fáilteoir go bhfuil Yu Ming ag labhairt Gaeilge, agus síleann sé gur Sínis atá i gceist. Iarrann sé ar fhear óg Áiseach teanga a dhéanamh dó, ach is as an Mongóil don stócach, agus é dall ar fad ar an tSínis.

Dóchasach is uile mar a bhí Yu Ming as Éirinn mar cheann scríbe i dtús an scéil, tá mealladh bainte as anois. Cuireann sé an locht air féin nach bhfuil sé in ann a dhath a thuiscint de chaint na ndaoine, cé go ndearna sé staidéar chomh dúthrachtach sin ar an teanga. Ansin, buaileann sé isteach i dteach tábhairne, agus faigheann sé an fhoireann ansin chomh dall céanna ar an nGaeilge agus muintir eile na cathrach. Ansin, áfach, labhraíonn seanfhear lách (Frank Kelly) leis as Gaeilge. Tá dreas deas comhrá ag an mbeirt acu le chéile, agus faigheann Yu Ming amach anois nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt ach sa chorr-áit in Éirinn.

I ndeireadh an scannáin, feicimid Yu Ming ag fáiltiú turasóirí isteach i dteach tábhairne i gConamara, meangadh mór gáire trasna a aghaidhe, agus an Ghaeilge go líofa ar bharr a theanga.

Chuaigh príomhaisteoir an scannáin, Daniel Wu, ar aghaidh go Coláiste na Tríonóide chun staidéar a dhéanamh ar an Dlí. Eisíodh an scannán ar dhlúthdhiosca físeáin (DVD) in éineacht le cúig ghearrscannán Gaeilge eile. Cuireadh cóip den dhlúthdhiosca ar fáil do gach scoil in Éirinn

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]