Peter Sutcliffe (Yorkshire Ripper, 1946-2020)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Peter William Sutcliffe 2 Meitheamh 1946 Bingley, England |
Bás | 13 Samhain 2020 74 bliana d'aois University Hospital of North Durham, England (en) |
Siocair bháis | COVID-19 |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Gairm | tiománaí leoraí |
Teangacha | Béarla |
Eile | |
Ciontaíodh i | dúnmharú (1981) → (príosúnacht saoil) |
Tugadh an 'Yorkshire Ripper'[1] ar an dúnmharfóir srathach, Peter Sutcliffe (2 Meitheamh 1946 – 13 Samhain 2020).
Ionsaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 25 Deireadh Fómhair 1980, mharaigh an Ripper a 12ú híospartach in Yorkshire. D'ionsaigh sé 22 bean in iomlán idir 1969-1980, an ceann deireanach ar 5 Samhain 1980.[2]
Fiosrúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba mhó i bhfad an cuardach agus an fiosrúchán a bhí ar bun i Sasana nuair a bhí Sutcliffe i mbun a chuid gníomhartha uafáis. Bhí na póilíní diongbháilte de gurbh é an ‘Ripper’ an fear a bhíodh ag scríobh litreacha agus ag cur téipeanna chuig an mbleachtaire George Oldfield.[3]
Chuir siad a gcuid acmhainní agus a gcuid ama ar fad isteach sa gcuardach san áit mhícheart agus iad ag leanacht scéalta agus leideanna nach raibh aon bhunús leo, mar gheall ar na litreacha agus na téipeanna sin.
Arís agus arís eile, ceistíodh an fear a gabhadh agus a ciontaíodh ar deireadh, Peter Sutcliffe. Ach de bharr nárbh é a scríobh na litreacha chuig George, ligeadh chun siúil é. Naoi n-uaire ar fad a tógadh agus a ceistíodh é le linn an fhiosrúcháin.
Bhí na póilíní dírithe ar an gceantar mícheart i Sasana. Ghlac siad leis, mar gheall ar an gcanúint a bhí ar an téip, go mba as ceantar na ‘Geordies’, Sunderland, an dúnmharfóir.[3]
Gabhadh deireanach agus triail
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gabhadh Sutcliffe faoi dheireadh ar 2 Eanáir 1981. Oíche amháin agus beirt phóilíní ar dualgas oíche in Sheffield, tháinig siad ar charr a raibh siad in amhras faoi ar an bpointe. Cé nach raibh siad féin páirteach sa gcuardach mór ar an ‘Ripper’, toisc go raibh bean sa charr in éindí leis an tiománaí agus uimhir bhréige ar an gcarr, thugadar isteach é.[3]
Ní raibh aon fhianaise acu gurbh é sin an fear a rabhthas sa tóir air, ach tugadh isteach i gcomhair ceistiúcháin é ar aon chuma. Chuimhnigh duine den bheirt phóilíní ansin ar rud amháin a tharla nuair a tháinig siadsan ar an láthair. Dúirt an fear gur mian leis a mhún a dhéanamh agus lig siad cead dó sin a dhéanamh taobh thiar de chlaí. Go tapa, d’fhill an bheirt phóilíní ar an áit ar tharla sé sin. Taobh thiar den chlaí tháinig siad ar bheart uirlisí, casúr ina measc. Uirlisí dá leithéid a d’úsáideadh an ‘Ripper’ agus é i mbun a dhrochghnó.
Agus an fhianaise sin leagtha os a chomhair, d’admhaigh Peter Sutcliffe dhá lá níos déanaí gurbh eisean an fear a bhí uathu.[3]
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuail Covid-19 agus cliseadh plúch-chairdiach Sutcliffe sa bhliain 2020. D’éag 13 Samhain 2020, in aois 74 bliain dó.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ an 'réabóir'
- ↑ "THE ATTACKS AND MURDERS - THERESA SYKES". www.execulink.com. Dáta rochtana: 2021-11-13.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 Mairéad Ní Nuadháin (2020). "Agus mé ag cycláil abhaile ón Taibhdhearc bhínn ag dul thar an áit ina raibh an bheirt dúnmharfóirí ba mheasa in Éirinn i bhfolach…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-13.