Yeti

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ainmhí is ea an Yeti a deirtear a bheith cosúil le hápa, agus cónaí air gar do líne an tsneachta i ngleannta go hard sna Himiléithe. De réir na scéalta, tá sé mór, clúdaithe le gruaig fhada dhorcha, in ann siúl ina cheartseasamh, timpeall dhá mhéadar ar airde, agus bíonn a lorg coise 15-30 cm ar fhad. Níor éirigh fós le haon sluaíocht teacht ar aon rud ach rianta is radhairc neamhiontaofa. B'fhéidir gur ápa nár rangaíodh fós é, fuílleach den homainid Néandartálach nó, go ródhócha, miotas amach is amach. Ainm eile air i gcultúr coiteann an Iarthair is ea an "Fear Sneachta Gráinniúil".[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Yeti". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 708.