Yersinia pestis
Cuma
| Sonraí | |
|---|---|
| Fionnachtaí nó aireagóir | Alexandre Yersin |
| Galar | plá agus Plá Justinian |
| Ruaimniú Gram | baictéir Ghram-dhiúltacha |
| Tacsanomaíocht | |
| Ríocht | Pseudomonadati |
| Fíleam | Pseudomonadota |
| Aicme | Gammaproteobacteria |
| Ord | Enterobacterales |
| Fine | Yersiniaceae |
| Géineas | Yersinia |
| Speiceas | Yersinia pestis |
Is cocabhachaillín gram-dhiúltach, neamhghluaisteach, gan spóir é an baictéar Yersinia pestis (Y. pestis; Pasteurella pestis roimhe seo) a bhaineann le Yersinia pseudotuberculosis agus Yersinia enterocolitica araon. Is orgánach anaeróbach ilacmhainneach é ar féidir leis daoine a ionfhabhtú tríd an dreancaid francaigh Oirthearach (Xenopsylla cheopis).[1] Is é ba cúis leis an bplá bhúbónach, agus leis an bPlá Mhór, an phaindéim ba mharfaí sa stair taifeadta. Tá trí phríomhchineál i gceist leis an bplá: plá niúmóineach, plá sheipticéimeach, agus plá bhúbónach. Is seadán dá óstach é Yersinia pestis, an dreancaid francaigh, ar seadán francaigh é faoi seach, mar sin is hipearparaisít é Y. pestis.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Sherris Medical Microbiology" (2004) (4th ed.): 484–88. McGraw Hill. ISBN 978-0-8385-8529-0.