Yersiniaceae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoYersiniaceae Cuir in eagar ar Wikidata

Yersinia pestis Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ruaimniú Grambaictéir Ghram-dhiúltacha Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPseudomonadati
FíleamPseudomonadota
AicmeGammaproteobacteria
OrdEnterobacterales
FineYersiniaceae Cuir in eagar ar Wikidata

Is fine de bhaictéir Gram-dhiúltacha iad na Yersiniaceae, a chuimsíonn roinnt pataiginí coitianta. Mar shampla, cuimsíonn an géineas tíopa Yersinia Yersinia pestis, oibreán cúiseach na plá. Tá an fhine seo ina ball den ord Enterobacterales san aicme Gammaproteobacteria den fhíleam Pseudomonadota.[1]

Díorthaítear an t-ainm Yersiniaceae ón téarma Laidine Yersinia, ag tagairt don ghéineas tíopa den fhine agus don iarmhír "-aceae", críoch a úsáidtear chun fhine a léiriú. Le chéile, tagraíonn Yersiniaceae d'fhine arb é an géineas Yersinia a tíopa ainmníochta.

Saintréithe bithcheimiceacha agus móilínsínithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na baictéir seo gluaisteach, cataláis-dearfach, agus ní tháirgeann siad déshuilfíd hidrigine.

D'aithin anailísí ar sheichimh ghéanóim ó speicis Yersiniaceae trí ionsánna nó scriostaí sínithe caomhnaithe (nó 'CSIs' sa Bhéarla) atá i láthair go sainiúil san fhine seo, i rialtán tras-scríbhinn d'fhine na bpróitéiní TetR agus próitéin hipitéiseacha.[1] Soláthraíonn na CSIs seo modh móilíneach iontaofa chun baill den fhine seo a idirdhealú ó fhinte eile laistigh den ord Enterobacterales agus na baictéir eile go léir.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Adeolu (December 2016). "Genome-based phylogeny and taxonomy of the 'Enterobacteriales': proposal for Enterobacterales ord. nov. divided into the families Enterobacteriaceae, Erwiniaceae fam. nov., Pectobacteriaceae fam. nov., Yersiniaceae fam. nov., Hafniaceae fam. nov., Morganellaceae fam. nov., and Budviciaceae fam. nov.". International Journal of Systematic and Evolutionary Microbiology 66 (12): 5575–5599. doi:10.1099/ijsem.0.001485. PMID 27620848.