Woolworths (siopa ilrannach)


Siopa ilrannach agus miondíoltóir ab ea Woolworths.[1] D'oscail Frank Winfield Woolworth na doirse don chéad uair ar 22 Feabhra 1879 in Utica, Nua Eabhrac. D'fhás sraith siopaí sna Stáit Aontaithe tamall gairid ina dhiaidh sin.
Eoraip[cuir in eagar | athraigh foinse]
Osclaíodh an chéad siopa Woolworths sa Ríocht Aontaithe i Learpholl ar 5 Samhain 1909, agus an-eagar ar an ócáid. Ceolfhoireann a bhí ann fiú. An lá dár gcionn, chuaigh an pobal ar mire ag siopadóireacht; trathnóna, bhí na seilfeanna folamh, agus rud ar bith fágtha sa siopa.[2][3]
Osclaíodh F. W. Woolworth don chéad uair in Éirinn ar 23 Aibreán 1914 ar Shráid Grafton agus ar High Street, Béal Feirste ar 6 Samhain 1915.[4]
Meath[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tháinig athrú ó bhonn ar Woolworths sna Stáit Aontaithe sna 1990idí-2000idí; rinneadh "Foot Locker" as na siopaí de réir a chéile.
Chuaigh Woolworths faoi leachtú faoi dheireadh sa bhliain 2008/2009 sa Ríocht Aontaithe, Tuaisceart Éireann san áireamh.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ nó Woolworth's nó Woolworth nó an F. W. Woolworth Company sna Stáit Aontaithe
- ↑ "The first British Woolworth's". www.woolworthsmuseum.co.uk. Dáta rochtana: 2021-11-05.
- ↑ "Woolworths Group (United Kingdom)" (in en) (2021-10-31). Wikipedia.
- ↑ "Woolworths (Ireland)" (in en) (2021-05-26). Wikipedia.