Wings (Banna Ceoil)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaWings
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1971, Sasana Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1971 –  1981
Lipéad ceoilApple
Capitol Records
Columbia Records Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraPopcheol rac agus rac bog Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar suntasach
Le cuid

Suíomh gréasáinPaulMcCartney.com Cuir in eagar ar Wikidata
Spotify: 3sFhA6G1N0gG1pszb6kk1m Last fm: Wings Musicbrainz: d922d727-240a-4432-9a88-05a7cf9bc403 Discogs: 145074 Allmusic: mn0000956707 Deezer: 2709 Cuir in eagar ar Wikidata

Banna phopcheoil clúiteach ab ea na Wings sna 1970idí. Bhunaigh Paul McCartney ó The Beatles an grúpa Wings lena bhean chéile Linda Eastman. Bhain Wings rath nach beag amach chomh maith, le rianta cáiliúla ar nós Live and Let Die, Band On The Run, Jet agus Mull of Kintyre.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis do McCartney dhá albam a eisiúint mar cheoltóir aonair (McCartney agus Ram) rinne sé cinneadh an banna "Wings" a chur le chéile lena bhean Linda Eastman, agus le hamhránaí na Moody Blues, Denny Laine agus ceoltóirí eile.

D'athraigh pearsanra an bhanna seo go minic agus bhí seinnteoir giotáir Éireannach, Henry McCullough mar bhall ar feadh tamaill. Tá a shár-scil giotáir le cloisteáil san amhrán My Love i measc amhráin eile.

Bhain an banna seo cáil ollmhór amach agus bhíodar ar cheann de na bannaí is cáiliúla sna 1970idí, lena n-albaim Band on the Run agus Venus and Mars ag sroicheadh barr na gcairteacha ar fud an domhain. Ba é a n-amhrán Mull of Kintyre an singil ba mhó díol i Sasana ar feadh na mblianta fada go dtí go dtáinig Band Aid ar an fhód.

Ar an 10 Feabhra 1972 chuir an BBC cosc ar an singil "Give Ireland Back to the Irish"[1]

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi dheireadh a réime i 1980 bhí beagnach an méid céanna singil #1 ag McCartney agus Wings ná mar a bhí ag John Lennon, George Harrison agus Ringo Starr curtha le chéile. Cé go raibh cuid dá gceol ar chaighdeán níos ísle na mar a bheifí ag súil leis ó McCartney, d'éirigh leis a theacht amach ó scáth na mBeatles agus a thaispeáint go raibh sé ar a chumas banna fíorcháiliúil a chur le chéile.

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Wild Life (1971)
  • Red Rose Speedway (1973)
  • Band on the Run (1973)
  • Venus and Mars (1975)
  • Wings at the Speed of Sound (1976)
  • London Town' (1978)
  • Back to the Egg (1979)

Camchuairteanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Wings University Tour – 1972
  • Wings Over Europe Tour – 1972
  • Wings 1973 UK Tour – 1973
  • Wings Over the World tour – 1975–1976
  • Wings UK Tour 1979 – 1979


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]