William Paterson (breitheamh)
Dlíodóir, polaiteoir agus breitheamh Éireannach-Mheiriceánach ba ea William Paterson (24 Nollaig 1745 – 9 Meán Fómhair 1806).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]I gContae Aontroma a rugadh é. Ach bhog a theaghlach, Preispitéireach, go Cúige New Jersey agus é dhá bhliain d'aois.[1] Céimí de chuid Ollscoil Princeton, glacadh isteach sa Bharra leis sa bhliain 1768 agus níorbh fhada go raibh páirt ghníomhach aige i bpolaitíocht New Jersey.
Bhí Paterson ina Ard-Aighne ar an stát ó 1776 go 1783 agus ina thoscaire don Choinbhinsiún um Bhunreacht a dhéanamh, sa bhliain 1787.
Bhí Paterson ina Sheanadóir as New Jersey ó 1789 go 1790 agus bhí sé ina chomhúdar ar Judiciary Act 1789.
D'éirigh sé as an Seanad chun a bheith tofa ina Ghobharnóir i Nua Jersey, post a bhí aige go dtí 1793, tráth a raibh suim mhór aige in athchóiriú a dhéanamh ar dhlíthe agus nós imeachta breithiúnach an stáit.[1]
Ina dhiaidh sin bhí Paterson ina Bhreitheamh Comhlach de chuid Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe ar feadh breis is trí bliana déag.[1]
Cuimhne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Déantar Paterson a chomóradh trí Ollscoil William Paterson de chuid New Jersey agus trí ainm na cathrach, Paterson, NJ.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "William Patterson". Dáta rochtana: 2021.