William Brown (aimiréal)
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 22 Meitheamh 1777 Béal Easa |
| Bás | 14 Márta 1857 79 bliana d'aois Buenos Aires, An Airgintín |
| Áit adhlactha | Reilig Recoleta |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | saighdiúir, aimiréal |
| Teangacha | An Spáinnis agus Béarla |
| Gairm mhíleata | |
| Géillsine | An Airgintín |
| Brainse míleata | Cabhlach Ríoga agus Cabhlach na hAirgintíne |
| Céim mhíleata | aimiréal |
| Coinbhleacht | Argentine War of Independence (en) |
| Teaghlach | |
| Páiste | Guillermo Brown y Chitty, Eduardo Ignacio Brown y Chitty, Elisa Brown |
| Siblín | Miguel Brown |
| Duine muinteartha | Guillermo Brown y Blanco (garmhac) |
Ba aimiréal Gael-Airgintíneach é William Brown (22 Meitheamh 1777 – 3 Márta 1857. Guillermo Brown a thugtaí air uaireanta. Rugadh é i mBéal Easa, Contae Mhaigh Eo, agus sa bhliain 1786 thug a theaghlach aghaidh ar Philadelphia, sna Stáit Aontaithe. Go gairid ina dhiaidh fuair an duine a bhí ag cabhrú leo bás leis an bhfiabhras buí agus cailleadh athair William Brown den chúis chéanna. I ndiaidh na mblianta a chaitheamh leis an bhfarraige, chuir sé faoi sa bhliain 1809 in Montevideo, agus in Buenos Aires na hAirgintíne an bhliain ina dhiaidh.
Bhain sé stádas mar aimiréal amach i gcabhlach na hAirgintíne. Ghlac sé páirt i gcogadh an neamhspleáchais ón Spáinn sa tír úd, sa chogadh leis an mBrasaíl agus i gcogaíocht chathartha san Airgintín.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |