Whitney Smith

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaWhitney Smith

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith26 Feabhra 1940
Arlington, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Samhain 2016
76 bliana d'aois
Peabody (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Bhostúin
Ollscoil Harvard
Boston University College of Arts and Sciences (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreBrateolaíocht
Gairmmúinteoir ollscoile, dearthóir grafaicí, acadóir, brateolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Bhostúin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Saineolaí Meiriceánach ar bhratacha ab ea Whitney Smith Jr. (26 Feabhra 194017 Samhain 2016). Ba é an t-aon saineolaí ar bhratacha proifisiúnta lánaimseartha ar domhan é, agus ba eisean an té a cheap an téarma i mBéarla vexillology mar ainm ar staidéar ar achan ghné de na mbratach.[1] Chuir sé roinnt cumann i gcomhair bhratch ar bun. Laureate agus comhalta den International Federation of Vexillological Associations a bhí ann.

Dhear Smith moladh i gcomhair bhratach na Guáine a glacadh i 1966 ach le dubh agus bán curtha le bunleagan Smith.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Whitney Smith in Arlington, Massachusetts. Chuir sé suim sna bratacha nuair a bhí sé ina páiste óg agus lean sé den treo sin a shaol ar fad. Chum sé an téarma vexillology (bunaithe ar vexillum, focal Laidine a chiallaíonn "meirge míleata") nuair a bhí sé 17 bliana d'aois. Bhí Laidin, Fraincis agus Rúisis aige, agus bhí sé de nós aige scéalta grinn a insint iontu agus imirt focal a dhéanamh le focail iontu agus i dteangacha eile.

Sa bhliain 1961, chomhbhunaigh Smith The Flag Bulletin, an chéad irisleabhar ar domhan tiomanta do staidéar na mbratach. Bhain sé céim bhaitsiléara amach in Ollscoil Harvard (1961) agus dochtúireacht in Ollscoil Bhostúin (1968). "Prolegomena to the Study of Political Symbolism" teideal a théis dochtúireacha. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina ollamh le heolaíocht pholaitíochta in Ollscoil Bhostúin. D'éirigh sé as an múinteoireacht in aois a 30 bliain le dul go lánaimseartha le hobair a bhain leis na bratacha.

Dearadh Smith le haghaidh bhratach don Antartaice. Bratach neamhoifigiúil atá inti cheal údaráis ag éinne ar an Antartaice.

Bhí 11,000 leabhar a bhain le bratacha in 16 sheomra a thí in Winchester, Massachusetts, chomh maith le 4,000 bratach i stóras díthaisithe. Fuair sé bás in Peabody, Massachusetts.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Smith 27 leabhar i dtaobh bratach, go háirithe Flags Through the Ages and Across the World, The Flag Book of the United States, agus Flag Lore of all Nations. Scríobh Smith freisin breis is 250 alt don Encyclopædia Britannica.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "Half Mast: Whitney Smith, the founder of Vexillology died on November 27th, aged 76". The Economist, 10-16 Nollaig 2016, lch. 88.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]