Whipping Boy (Banna Éireannach)
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banna ceoil |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1988 |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 1988 – |
Lipéad ceoil | Columbia Records |
Seánra | Rac malartach |
Banna ceoil Éireannach a sheinn rac ailtéarnach a bhí in Whipping Boy. Bhí siad gníomhach ó dheireadh na 1980í go dtí deireadh na 1990idí. D'eisigh siad 3 albam lánfhada.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh Whipping Boy i Baile Átha Cliath sa bhliain 1988, agus b'iad seo a leanas na baill: Fearghal McKee (amhránaíocht), Paul Page (giotár), Myles McDonnell (dordghiotár, amhránaíocht), agus Colm Hassett (drumaí).[1]Ar dtús, sheinneadh siad leaganacha clúdaigh d’amhráin de chuid The Velvet Underground agus The Fall, agus Lolita and the Whipping Boy an t-ainm a bhí orthu. Ghiorraigh siad ainm an bhanna nuair a d'fhág an giotáraí mná.[2]
Tar éis cúpla EP a chur amach ar an lipéad Cheree, d'eisigh siad a gcéad albam, Submarine i 1992 ar Liquid Records. Chabhraigh a gcuid ceolchoirmeacha beo leo cáil an bhanna a mhéadú, agus bhí míchlú áirithe orthu freisin toisc go ngearradh McKee é féin le gloine bhriste agus é ar ardán.[2] Fuair an t-albam ardmholadh ó na criticeoirí cé nár éirigh leis ó thaobh na tráchtála de. D'éirigh leo comhaontú a bhaint amach le Columbia Records dá bharr, dream a d'eisigh dara halbam an bhanna, Heartworm, i 1995, chomh maith le trí shingil ar éirigh go measartha maith orthu.[1] Moladh Heartworm go mór, agus dúirt Allmusic gur an earth-shatteringly powerful experience a bhí ann.[3] Scar an grúpa ó chéile sa bhliain 1998 tar éis do Columbia bata agus bóthar a thabhairt dóibh, rud a d'fhág nár eisíodh an tríú halbam. Eisíodh an t-albam Whipping Boy (albam) sa bhliain 2000 ar lipéad an bhanna féin Low Rent.[1]
Rinneadh an banna a athbheochan i Meán Fómhair 2005, agus fógraíodh roinnt ceolchoirmeacha in Éirinn. Tháinig deireadh leis an gcéad leagan amach bunaidh a bhí ar an mbanna sa bhliain 2006. Rinne McKee agus Hassett an banna a athbheochan sa bhliain 2011, gan cead Page agus McDonnell. Ghlac Killian McGowan agus Finn O'Connor a róil siúd. D’eisigh na ceoltóirí sin singil dar teideal “No One Takes Prisoners Anymore” sular tháinig deireadh leis an leagan amach sin den bhanna in 2012.
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Albaim stiúideo
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bliain | Sonraí | Buaic-áit sna cairteacha |
---|---|---|
IRL [4] | ||
1992 | Submarine
|
— |
1995 | Heartworm
|
4[nb 1] [9] |
2000 | Whipping Boy
|
65 |
Singil
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Sweet Mangled Thing EP (1989) (caiséad-EP féin-eisithe)
- Whipping Boy EP (1990) Cheree
- I Think I Miss You EP (1991) Cheree
- "Favourite Sister" (1992) Liquid
- "Twinkle" (1995) Columbia
- "We Don't Need Nobody Else" (1995) Columbia (RA Uimh. 51, Éire Uimh. 24)[1]
- "When We Were Young" (1996) Columbia (An Ríocht Aontaithe Uimh. 46, Éire Uimh. 28)[1]
- "Twinkle" (1996) Columbia (RA Uimh. 55)[1]
- "No One Takes Prisoners Anymore / Earth's Last Picture" (2012) Rocket Girl[10]
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 Strong, Martin C. (2003)" Whipping Boy", in The Great Indie Discography, Canongate, ISBN 1-84195-335-0
- ↑ 2.0 2.1 Lewis, Jonathan "[[[:Teimpléad:AllMusic]] Beathaisnéis Buachaill Aoire]", Allmusic, Macrovision Corporation
- ↑ Rabid, Jack "[[[:Teimpléad:AllMusic]] "'Heartworm Léirmheas]", ' 'Allmusic, Macrovision Corporation
- ↑ "Discography Whipping Boy".
- ↑ "Ed Sheeran scores second week as Irish Number 1 album with =".
- ↑ "Needle Mythology".
- ↑ "Needle Mythology Q&A – with Stephen Duffy, Ian Broudie & Pete Paphides".
- ↑ "Needle Mythology – chickfactor".
- ↑ "Top 100 Artist Album, Week Ending 7 January 2022".
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-06-25. Dáta rochtana: 2023-01-18.