Viktor Arnar Ingólfsson
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 12 Aibreán 1955 70 bliana d'aois Akureyri, An Íoslainn |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na hÍoslainne Ollscoil George Washington |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | scríbhneoir |
| Teangacha | An Íoslainnis |
| Suíomh gréasáin | mmedia.is… |
Is scríbhneoir agus innealtóir as an Íoslainn é Viktor Arnar Ingólfsson. Rugadh é ar 12 Aibreán 1955 in Akureyri cé go bhfuil sé ina chónaí i Réicivíc anois.[1] Bhain Ingólfsson céim amach san innealtóireacht shibhialta in Ollscoil Réicivíc sa bhliain 1983, agus tá sé anois ag obair in Údarás um Bóithre Náisiúnta na hÍoslainne (Íoslainnis: Vegagerðin), áit a bhfuil sé freagrach as na foilseacháin. Ainmníodh é don Glerlykillinn (An Eochair Ghloine) faoi dhó, duais Lochlannach a bhronnann Skandinaviska Kriminalselskapet (Cumann Lochlannach na gCoirscéalaithe) le haghaidh scéalta bleachtaireachta. Tá leabhair dá chuid aistrithe go Seicis, Ollainnis, Béarla agus Gearmáinis.
Obair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1978 - Dauðasök
- 1982 - Heitur snjór
- 1998 - Engin spor
- 2003 - Flateyjargáta
- 2005 - Afturelding
- 2009 - Sólstjakar
Cuntais
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Bókmenntaborginn". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-10. Dáta rochtana: 2020-04-25.
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |