Valbaí
Cuma
Macropodidae | |
---|---|
Valbaí Bennett | |
Sonraí | |
Modh gluaiseachta | déchosachas |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Mammalia |
Ord | Diprotodontia |
Fine | Macropodidae Gray, 1821 |
Ainmníocht | |
Bunlitriú | Macropidae |
Is ainmhí beag nó meánmhéide san fhine Macropodidae é an valbaí atá dúchasach don Astráil agus don Nua-Ghuine, le daonraí a tugadh isteach sa Nua-Shéalainn,[1] Haváí, Éire (ar Reachrainn), an Ríocht Aontaithe agus tíortha eile. Níl an téarma “valbaí” go hiomlán soiléir ó thaobh tacsanomaíochta; úsáidtear é ar aon bhall den fhine Macropodidae atá níos lú ná cangarú agus nach bhfuil ainm eile air.[2]
Speicis Roghnaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Lagorchestes hirsutus — valbaí giorria ruadhonn
- Lagostrophus fasciatus — valbaí giorria bandach
- Macropus rufogriseus — valbaí Bennett nó valbaí droimrua
- Onychogalea fraenata — valbaí sporearrach spéaclach
- Onychogalea lunata — valbaí sporearrach corráin
- Petrogale (géineas) — valbaí carraige
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ (DOC). “Wallabies” (en). www.doc.govt.nz. Dáta rochtana: 2018-06-18.
- ↑ “The Kangaroo”. australianwildlife.com.au. Dáta rochtana: 6 Samhain 2013.